“Sean – ‘Nótions'”

Sceolán na mara
Ag léimt ar bhád
Ag glacadh na saoirse
Atá uainn ar fad

Ní suaimhneach nó stuamach,
Cuimhnítear a fhréamh,
An t-aer uilig lachtach,
Le focail nár thréig

Le teanga is tonnta,
Mór-thimpeall is tríd,
An t-aistear is faide,
Dá bfheicfid ariamh,

Céad bliain ar aghaidh
Is cuid eile le teacht
An sceolán a lean
Boladh beatha amach

Thar ‘oceans’, thar sáile,
‘Nós na nglúinte sin romhainn,
Ach ‘notions’ mar chúis leis,
An dúil faoi lánseol.

An dúchas níos dlúithe
Nuair nach mbrúitear é,
An nádúr i dtaisce,
Á chosaint ón gcé

Nach linne an t-uisce?
Nach linne an lae?
Cé eile a scaipfidh
An teanga, an scéal

Ná sceolán ar sheachran
Ar thalamh nár sheas
A leithéid ariamh ar
-ní bheidh sé ar ais.

12 Babhla Bricfeásta na mBeatha i mBali – The 12 Breakfast Bowls of Bali

*LEAGAN BÉARLA FAOI – ENGLISH VERSION BENEATH*

 

12 Babhlá Bricfeásta na mBeatha i mBali

 

Cé go mbeadh a ndotháin tithe tábháirne agus bialanna thart timpeall na n-áiteanna is mó i mBali le ’12 Tithe Tábháirne na Nollag’ a chríochniú go héasca agus cáil speisialta na nÉireannach a bheith ‘in ann ól’ a comhlíonadh go héifeachtach, i mbliana is i dtreo eile agus níos soiléire uilig atá mo shúile caite seachas ag dreamanna i ngeansaithe bailithe taobh amuigh na tithe tábháirne nach ligeann isteach iad a thuilleadh. Is cuid ríthábhachtach don lá i mBali é an bricfeasta, ar a ndéantar an iomarca neamhaird agus a chuireann sceitimíní orm fiú ag smaoineamh ar an oiread féidireachtaí, roghanna, agus áiteanna atá fós ann le thriail agam.
Is maith liom fhéin ag éirí go moch ar aon chaoi, leite agus torthaí úir an lae caite ar bun, ach níor smaoinigh mé riamh go mbeadh an méid seo féidirtheachtaí bricféasta timpeall orm anois, ag tógáil an béile is fearr go céim níos airde ná mar a bhí sé ariamh.

Cé nach bhfuil ’12 pubs’ críocnaithe agam i gceart riamh, ná coincheap an rud é féin mínithe go cuí go daoine áitiúla anseo nach bhfuil an dearcadh céanna acu nuair a thagann sé don alcóil in aon chor, tá beartaithe agam i mbliana an dúshlán seo a ghlacadh agus turas a dhéanamh timpeall ar na háiteanna is fearr Babhla Bricféasta a fháil i mBali, seachas pionta Bintang.

Is ag breathnú ar an méid caifé, bialanna agus áiteanna sláintiúla agus orgánacha ar fud na háite atá an cinne déanta agam an liosta seo a chuir le chéile de roghanna torthaí, cnónna, agus cómhabhair úra eile atá feicthe agam go dtí seo. ‘Séard is ‘Babhla Bhricféasta’ ann sa chás seo ná babhla déanta de cnónna cócó agus líonta le meascáin éagsúla de thorthaí, cnónna, sú, granola, coirce, íogurt nádúrtha, síolta, bainne agus im almóinne, spionáiste, rísín, meascanna sú ….leanann an liosta ar aghaidh.

Cé go dtuigim nach bhfuil agam anseo ach tús agus go bhfuil fós neart babhlaí Bali agus roghanna eile le triail agam go fóill (tá súil agam!), i mbliana tháinig mo chomháireamh síos don Nollaig fhéin i bhfoirm na babhlaí galánta, sláintiúla seo a leanas….(gan aon ord áirithe).

 

 

 12. ‘Nagu Bomb’ – Betelnut Café, Canggu

-Dragon fruit, meascaithe, granola orgánach, sú talúin, banana, cnónna cócó gratáilte

Tá cáil faoi leith bainte amach ag Betelnut Café i Canggu le turasóirí agus daoine aitiúla maraon, agus níl ort ach an biachlár a fheiceáil le tuiscint go bhfuil sé tuillte go maith acu!

12367024_10153241866943483_2024467934_n
 Facebook/TripAdvisor

 

 

11. ‘Shelter Super Crumble le Síolta Orgánacha Chia’ – Shelter Café, Seminyak

-Cnónna cócó, síolta chia, banana, coirce, sú talúin, granola, cnónna, úll stobhta, agus íogurt vanilla, im almóinne
Os cionn Nalu Bowls ar Jayan Drupadi, is seodín rúnda ar an díon é Shelter Café in Seminyak, ag breathnú amach ar pháirc peile agus ag freastal ar gach saghas charball nuair a thagann sé don bhricféasta.

12395415_10153241866548483_1987958094_n                                         Suíomh/Facebook/TripAdvisor

 

10. An ‘Teahuppo’, Nalu Bowls – Canggu, Seminyak, Uluwatu.

-spionáiste, banana, bainne cnó cócó, úlla glasa, almóinne, síolta, uisce cnó cócó, granola, agus sméara meascaithe.
An chéad stad ar an liosta de ‘Nalu Bowls‘, agus an ceann ab ansa liom go dtí seo! Tá 3 suíomh ag Nalu Bowls i mBali faoi láthair agus arís is fiú an cuardach a dhéanamh le teacht ar an gcuntar beag gealgáireach – gach rud sláintiúil, orgánach, agus déanta os comhair d’aghaidh!

12380077_10153241867883483_200696511_n
Facebook/TripAdvisor

 

9. Leite Amh Cnó Cócó (Vegan Raw Grain-Free Porridge) –Atman’s Kafé, Ubud

-cnó cócó, síolta flax, almóinne, síolta chia, gallchnó, banana, rísín, síolta puimcín, siúcra palm, torthaí tirim, agus uisce cnó cócó
Go héasca an babhla is ansa liom ar an liosta, d’fhill mé ar Atman’s Kafé  don bhricfeasta cúpla lá ina dhiaidh a chéile ach ní raibh mé in ann aon rud eile a ordú! Breosla teolaí sláintiúil roimh rang íoga láidir sa Yogabarn!

12399189_10153241869038483_297916680_n
Facebook/TripAdvisor

 

8. ‘The Breakfast Bomb’- Crate Café, Canggu

-banana, bainne almóinne,  museli, sú talúin, torthaí an dragúin 
Mothóidh tú mar cheann de na ‘cool kids’ cearta is tú ach ag suí sa chaifé seo. Liosta le háireamh de roghanna bhricfeasta, iad uilig scríofa le marker ar an mballa, mar, yknow, sin an chaoi a dhéanann siad inniu é…

12380115_10153243561793483_789161013_n
Facebook/TripAdvisor

7. ‘The Hulk’- Eden Café, Canggu

– spionáiste, avocado, úll glas, bainne cashew, granola, sú talúin, banana, pailin beacha
Go héasca an rogha is saoire ar an liosta, is áit beag, cairdiúil agus dírithe ar an sláinte í Eden Café, chuile rogha ar an mbiachlár líonta le cothathaigh agus vitamín rúnda.

12348296_10153226406563483_886586244_n
Suíomh/Facebook/TripAdvisor

 

6.  Chia agus Sméara Meascaithe –Avocado Café, Canggu

– síolta chia, smeara dubha, sméara dearga, bainne cashew, bainne cnó cócó, cnó cócó, cnónna cashew, banana, sú talúin, muesli
Ceann eile ar liosta mór fada na caiféanna in Canggu, thaitin Avocado Café liom go háirithe mar gheall ar na maisiúcháin taobh istigh agus an suíomh breá congarach don bhóthar…

12367090_10153241869133483_391432286_n
Facebook/TripAdvisor

5. ‘Super Tropical Bowl’- Garden Kafé, The Yogabarn, Ubud

– torthaí séasúrach le lime, muesli úr agus íogurt nádúrtha beo
Is áit foirfe í an Garden Kafé ag an Yogabarn athbhreosla a dhéanamh tar éis rang crua Power nó Bikram Yoga. Chuile rogha pacáilte le torthaí agus ábhar nádúrtha eile, níl leithscéal ar bith agat ach do chuid torthaí is glasraí a thabhairt in éineacht le do mata íoga!

1931892_10153243943753483_1150289886_n
Site/Facebook/TripAdvisor

 

4. ‘Uluwatu’- Nalu Bowls, Canggu/Seminyak/Uluwatu

-torthaí dragúin, bainne cnó cócó, banana, papaya, cnó cócó, granola, sú talúin, súanna craobha

Ar ais go Nalu Bowls arís don cheann seo, an ‘Uluwatu’. Níl tú in ann aon rud a fheiceáil faoin granola breise ar bun sa phic seo, ach is dath corcra láidir atá ann ón dragon fruit…dochreidte!

12395421_10153244014323483_1235834870_n
Site/Facebook/Tripadvisor

3. Leite Almóinne Quinoa agus Vanilla – Shelter Café, Seminyak

– quinoa orgánach, almóinn, bainne almóinne, vanilla, cinnamon, banana, sméara meascaithe, cnónna meascaithe, im almóinne, síolta
Bhí sé seo comh blásta is a bhfuaimníonn sé. Bheadh chuile ábhar leis féin dochreidte blásta, agus mar sin iad uilig curtha le chéile bhí cóisir i mo bhéal an maidin áirithe seo…ba bhreá liom dá dtosódh an Builín Blásta plátaí mar seo a dhéanamh…

12388131_10153244054033483_1439816911_n
Suíomh/Facebook/TripAdvisor

2. ‘Babhla Thrópaiceach’- Betelnut Café, Canggu

-torthaí dragúin, bainne cashew, granola, cnó cócó, uisce cnó cócó, anann, mealbhacán, banana, cnónna, papaya, síolta chia, im cashew
Tagann Betelnut chun tosaigh arís le babhla blásta eile, an uair seo le bainne cashew agus tuilleadh torthaí ar bhun, atá beagnach níos fearr uilig ná an ‘Nagu Bomb’ cáiliúil atá ag Betelnut anois. Beagnach.

1414752_10153244072388483_567869762_nFacebook/TripAdviso

1. ‘Maverick’s’- Nalu Bowls, Canggu/ Seminyak/Uluwatu

– acai blend, sméara meascaithe, mango, banana, almóinn, sú talúin, granola, bainne almóinne, uisce cnó cócó, cnó cócó
An stad deirineach atá againn ná Nalu Bowls arís agus an blend acai rúnda agus speisialta atá acu. Nílim cinnte fós go díreach céard atá istigh ann, ach tá sé corca, dochreidte blásta agus íocsláinteach!

10637629_10153244072198483_370128589_n

Suíomh/Facebook/TripAdvisor

Nollaig Shona daoibh!!!

************************************

-BÉARLA – ENGLISH –

12 Breakfast Bowls of Bali

 

Although there would be more than enough public houses and restaurants with bars around the main areas of Bali to allow for a kind of makeshift ’12 pubs’ and drunken fulfillment of the Irish reputation for being fond of alcohol, this year my gaze has been less-hazily drawn towards the woolly-jumper clad throngs of merry-makers congregated expectantly outside the various pubs that no longer let them in, but towards something else entirely. It’s the one part of any day in Bali that gets massively overlooked and deserves a whole lot more attention, purely because the breadth of possibilities and flavours it encapsulates is so vast I get excited just thinking about the options and places I’ve yet to try and discover.

I’m an early-riser anyway, and it’s no secret how fond I am of my porridge, but the expanse of healthy and delicious breakfast-food options available in Bali has taken things to another level entirely.

Aside from the fact that I’ve never actually successfully completed a real 12 pubs let alone attempted explaining the concept of it to a Balinese locaility where a Bintang with dinner is considered a luxury, I’ve decided this year to take my proximity to all of these delicious menus to my advantage. The sheer amount of health-food cafés and restaurants along almost every street boasting organic and fresh ingredients and original recipies with bowls of fruity, nutty, and tasty goodness have led me to compile this list of 12 of the most impressive and delicious “Breakfast Bowls” I’ve encountered thus far – ‘Breakfast Bowl’ in this sense being used to describe the coconut-bowl-servings available in nearly all of these establishments of varying mixes of fresh fruits, granola, nuts, berries, seeds, muesli, oats, yoghurt, nut butters, chia and acai blends, coconut milk, water and juice mixes and spinach infused with yet more fresh fruit on top….the list of deliciousness goes on.

 While I’m aware I’ve probably only barely touched the tip of the mint and lime-infused iceberg of breakfast bliss, and that there are still (hopefully) many many mornings I’ve yet to wake up to these bowls of happiness, my festive countdown this year has come in the form of these brightly coloured and elaborately decorated bowls of fruit and health foods, as follows (in no particular order)…

  12. Nagu Bomb – Betelnut Café, Canggu

Dragon fruit, mixed berries, coconut milk, granola, strawberries, banana, grated coconut
You only have to glance at the menu in Betelnut Café, Canggu to understand the hype and reputation it has built up for itself among tourists and locals alike!

12367024_10153241866943483_2024467934_n
Facebook/TripAdvisor

11. Shelter Super Crumble with Organic Chia Seeds – Shelter Café, Seminyak

-coconut, chia seeds, banana, oats, strawberries, granola, nuts, vanilla yoghurt, stewed apple, and almond butter
Shelter Café is a hidden gem situated on a rooftop above the Seminyak branch of Nalu Bowls, looking out over a local football pitch and catering to every kind of palate imaginable when it comes to breakfast!

12395415_10153241866548483_1987958094_nWebsite/Facebook/TripAdvisor

 

11. The ‘Teahupp’O’ – Nalu Bowls, Canggu, Seminyak, Uluwatu

-spinach, green apple, granola, chia seeds, ginger, orange, pineapple, mango, banana, mixed berries, almonds, coconut water, coconut milk
The first stop on the list of Nalu Bowls, and my favourite until now! Nalu Bowls currently have 3 locations around Bali and again it’s worth the searching for this small, bright counter – everything healthy, organic, and put together right in front of your face!
12380077_10153241867883483_200696511_n
Site/Facebook/TripAdvisor

9. Raw Vegan Grain-free Porridge Bowl- Atman’s Kafe, Ubud

-coconut, flaxseeds, chia seeds, walnuts, almonds, pumkin seeds, dried fruits, raisins, bananas, palm sugar, coconut water
Easily my favourite bowl on the list! I returned to Atman’s Kafe a few days in a row but wasn’t able to make myself order anything else! Perfect hearty fuel to get you through a power yoga class at the Yogabarn!

12399189_10153241869038483_297916680_n

Facebook/TripAdvisor

 

8. ‘The Breakfast Bomb’- Crate Café, Canggu

– Banana, almond milk, muesli, cashew nuts, strawberries, extra banana and dragon fruit on top!
You will feel cool and like part of the gang just sitting at this café. Trust me. Endless breakfast options, all written on the wall in permanent marker because, yknow, that’s hip and stuff…

12380115_10153243561793483_789161013_n
Facebook/ TripAdvisor

 

7. ‘The Hulk’- Eden Café, Canggu

– spinach, cashew milk, banana, avocado, green apple, bee pollen, granola, strawberries
Easily the most affordable option on this list, Eden Café is an extremely friendly and health-orientated little place, every option packed to the brim with nutrients and hidden healthy boosters.

12348296_10153226406563483_886586244_nSite/Facebook/TripAdvisor

6. Chia and Mixed Berry Bowl – Avocado Café, Canggu

– chia seeds, blueberries, raspberries, blackberries, banana, cashew milk, strawberries, muesli, coconut, coconut milk
Another to add to the list of amazing Canggu cafés is Avocado Café. I especially liked the decor in this place and it was really usefully situated right at the top of my road!

12367090_10153241869133483_391432286_n
Facebook/TripAdvisor

5. ‘Super Tropical Bowl’- Garden Kafé,  The Yogabarn, Ubud

– seasonal fresh fruit with lime, raw muesli and live probiotic yoghurt
The Yogabarn’s very own café is an amazing place to refuel after a tough Power or Bikram yoga session, and with wholesome, organic and freshly prepared juices, you’ve no excuse not to pack the fruit and veg along with your yoga mat.1931892_10153243943753483_1150289886_n

 

 

4. ‘Uluwatu’ – Nalu Bowls, Canggu/Seminyak/Uluwatu

dragon fruit, banana, papaya, coconut milk or apple juice, strawberries, coconut, raspberries, granola
Back to Nalu bowls again for this one, the ‘Uluwatu’! You can’t see it in this picture underneath all the extra granola but the smoothie blend is a deep beautiful shade of purple from the dragon fruit…unbelievable!

12395421_10153244014323483_1235834870_n
Site/Facebook/TripAdvisor

 

 

3. Vanilla Almond Quinoa Porridge – Shelter Café, Seminyak

– Organic quinoa, vanilla, coconut milk, cinnamon, banana, berries, mixed nuts, almond butter, fresh almond milk
This was just as delicious as it sounds. Absolutely every ingredient alone is mouth-wateringly tasty and so combined it made for pure porridge heaven. I’d absolutely love if the Builín Blásta started doing dishes like this….

12388131_10153244054033483_1439816911_nSite/Facebook/TripAdvisor

 

 

2. ‘Tropical Bowl’- Betelnut Café, Canggu

-dragon fruit, cashew milk, pineapple, watermelon, mango, grated coconut, chia seeds, granola, cashew butter, coconut water
Betelnut delivers yet again with another bowl of deliciousness, the addition of cashew milk to this one and a heap more fruit on top making it almost preferable to the famous Nagu Bomb Betelnut has become famous for. Almost.

1414752_10153244072388483_567869762_n

Facebook/TripAdvisor

1. ‘Maverick’s’ – Nalu Bowls, Canggu/Seminyak/Uluwatu

-acai blend, mixed berries, mango, banana, almond milk, chia seeds, strawberries, coconut water, shredded coconut meat, granola
Our last stop is back in Nalu Bowls again, for a taste of their own special secret acai blend. I’m still not entirely sure what exactly it contains but it’s purple, super tasty and incredibly healthy!

10637629_10153244072198483_370128589_n
Site/Facebook/TripAdvisor

 

12367048_1113890928635890_322193098_n

MERRY CHRISTMAS!!!

Ar Thóraíocht Taistil – Ho Chi Minus 1

****LEAGAN BÉARLA FAOI – ENGLISH VERSION BENEATH***

12343067_10153218958253483_411537630_o

An chéad rud a rith liom nuair a chuala mé an preabadh ísle, domhain i bfhad uaim is mé ag tógáil céime amach roimh éirí na gréine in Ho Chi Minh, ná go raibh an ‘oíche amach’ aréir nach raibh diúltaithe agam ach cúpla uair a chloig roimhe sin le mo chairde nua ón mbrú fós ar siúl. Bhí mé leath ag siúl go bhfeicfinn ag teacht ar ais iad leath-dallta timpeall an chúinne, nó ag léimt ó chúl ceann de na tacsaithe-moto nach molfainn d’aon turasóirí lena dtaitníonn a gcuid seilbhe luachmhara leo comh luath is a dúisíonn ceantar na mbackpackers in Saigon le titim na hoíche.

Is mé an leanacht liom ar an tslí aitheanta anois don pháirc láirneach, ag trasnú sráid Le Loi nach raibh ach ábhairín níos ciúine ansin ag 4 ar maidin is a bhíonn i rith an lae, bhí muintir na sráide gafa ag ‘glanadh’ deannaigh ó áit go háit ar an tsráid le scuaib fite, is iad ag réiteach le haghaidh trácht na maidine. Thug mé le fios nach cur isteach drochbheasach ón oíche roimh ré agus ‘Happy Hour’ ag leanacht ar aghaidh go ‘All Hours’, a bhí sa cheol leanúnach a chuala mé ag briseadh ‘suaimhneas’ na cathrach, ach a mhalairt san iomlán a bhí i gceist. Bhí orm athbhreathnú a dhéanamh sular thuig mé i gceart a bhí os mo chomhair – grúpa ollmhór d’mhná meanaoiseach Vítneamis i lár spás oscailte sa pháirc, gleasta in leggings agus tléinte ildáite, agus iad uilig ag gluaiseacht le chéile ar nós airm aisteach polyester, in am don chuisle leanúnach nár shíolraigh ó áit ar bith faoi leith go bfhaca mé – ní raibh sé fiú geal faoin am seo. Faoi dheireadh d’airigh mé go raibh cead agam stanadh a thabhairt ar ais do dhaoine a thugann dom iad comh minic sin anseo, mo chraiceann geal agus gruaig rua mar chúis grinn do go leor daoine áitiúla – tuigim go bhfuil mé aisteach, ach ní bhíonn mise ag déanamh aeróibicí sa pháirc ag a 4 ar maidin!!

12351274_10153217909993483_2020078173_n

Bhí trácht cloiste agam ar an nós seo sa Chambóid, ach ní raibh sé feicthe agam ag tarlu go dtí seo, agus bhí sé deacair an gáire a sheachaint nuair a chonaic mé cúpla bean a bhí tar éis achar a chuir eatarthu fhéin agus an cuid eile sa lár, le casadh agus lubadh leo fhéin ar nós Sims ar an gcosán. Le firinne bhí mé ag iarraidh damhsa leo! Chuir sé an Hokey cokey i gcuimhne dom ón scoil sa Chambóid, ach amháin gur na céadta mná Vítneamis a bhí ann ag bogadh leo féin le púis orthu is iad i mbun cleachtadh coirpe na maidine seo roimh éirí na gréine agus an teas meanlae, seachas grúpa páistí. Is dóigh go dtugann na gluaiseachtaí rialta seo cead dóibh an bia friochta agus oiliúil sin a ithe gan mórán iarmhairtí freisin..
Aisteach.

Is dóigh gur mar gheall nach raibh mé ag súil leis is mé fós leath i mo choladh ag iompar chuile rud gur liom ar domhain faoi láthair a tháinig an oiread sin ionadh orm iad a fheiceáil ann, ach seans mhaith freisin gur mar gheall nach raibh mé tar éis an cathair a shiúl comh luath seo riamh, agus toisc gur ‘early riser’ mé fhéin ar aon chaoi, ghlac mé nár tharla aon rud sular éirigh mise – cé comh mícheart is a bhí mé!

12325749_10153217909823483_1277948387_o

Thaitin Ho Chi Minh i bfhad níos fearr liom an uair seo, ach amháin an dorm le 18 duine eile sa mbrú buiséadach – ach ar $3 in aghaidh na hoíche, cé atá le gearán faoi? Cé nár éirí ro-mhaith liom roimhe sin mo bhealach a dhéanamh ann, an uair seo go tobann bhí mé go breá in ann na sráideanna a loingsiú go héasca le níos mó muiníne agus píosa cleachtadh taobh thiar dom. Thaitin an ‘World Food Festival’ liom a bhí ar siúl sa pháirc don deireadh seachtaine áirithe seo, thug sé neart deiseanna dom níos mó bia aisteach a thriail agus freisin tuilleadh nósanna aisteacha fheiceáil nach bhfuil mé cinnte a bheadh riamh in ann teacht i bhfeidhm anseo!12351388_10153218838373483_843405117_o

 

D’éirigh liom cúpla bronntanas Nollag Víteamise deirineach a fháil ( níl pictiúirí agam, mar….bronntanais!) le seisiúin crua ag stangaireacht in Aonach Ben Thien sa lár, agus d’fhág mé le tuilleadh ábhair ná mar a bhí ceannaithe agam riamh ar bheagáin airgid. Táim ag dul i dtaithí ar seo!

12348755_10153218958898483_772053028_nSílim freisin go bhfuil mé ag dul i dtaithí ar na nósanna bóithre atá acu…tá feabhas tagtha orm ag transú na bóithre gnóthacha leis na sruthanna gluaisrothair agus gluastáin beaga nach stopann le teada – nílim ag iarraidh ‘jinxáil’ a dhéanamh ar seo, ach tá feicthe agam go n-éiríonn níos fearr leat do chuid spáis fhéin a léiriú le beagán muiníne, seachas a bheith ag braith ar chomhghlacaithe nó turasóir eile an bealach a dhéanamh duit. Chuir mé le líne tráchta is mé fós mar lucht siúl – ag seasamh le gluaisrothar ar gach taobh díom, bhí orm fanacht go dtí gur chas na soilse glas chun leanacht ar aghaidh – chuile fhear (nó bean) dóibh fhéin a bhí ann, agus bhí orm léimt ar thaobh chuig an gcosán comh luath is a lean mo réamhthachta ar aghaidh.

Is mé ag scríobh anois táim i mo shuí in aerfort Changi, Singapore, go héasca an t-aerfort is fearr le cúpla uair a chloig (nó 28) a chaitheamh ar domhan. Táim ag súil leis an gcathair a fheiceáil anois i gceann píosa tar éis an cupáin caife Starbucks seo (an chéad ceann le beagnach 2 mhí!!), agus mar sin fágfaidh mé é seo anois go dtí go bhfaighim áit an ceallaire a luchtú!! Vietnamasté!

 

 

***********LEAGAN BÉARLA – ENGLISH VERSION ********* 

12343067_10153218958253483_411537630_o

 

My initial reaction to hearing a distant, low thumping beat as I stepped out into the 5am pre-dawn of Ho Chi Minh’s ever-chattering streets, was that the ‘night out’ with my new dorm-friends I had reluctantly declined merely hours beforehand had still not come to an end. Early-morning flight-jitters aside, I half expected to meet them stumbling in around the corner, or jumping off the back of otherwise ill-advised moto-taxis that prey on tipsy tourists once the nocturnal backpacker district of Saigon awakens with the dusk.

As I continued on the now familiar route to the central park-area and traversed the only slightly less chaotic dimly-lit Le Loi street as its’ occupants swept dust from one place to another with wicker brushes and geared up for another rush hour, it became clear that the music I was hearing was not in fact an intrusive occupation of an otherwise peaceful morning by the extension of a nightclubs’ ‘happy hour’ to All Hours, but frankly quite the opposite. I had to look twice before I could comprehend the abnormally large gathering of middle-aged Vietnamese women in a central clearing of the park, all dressed in leggings and coloured polyester tshirts and moving robotically in sync to a monotonous and crackling throbbing ‘beat’ that was coming from nowhere within my available line of vision – it was barely even beginning to get bright at this stage. I finally felt a sort of justification and permission to return the stares I am so regularly subjected to over here, my pale skin and ginger hair proving a source of great hilarity to many locals – I know I’m weird, but I don’t do aerobics in the park at 4.30am!!!12351274_10153217909993483_2020078173_n

I’d heard of such practices in Cambodia, but had yet to witness it actually occurring, and I found it hard to hide my amusement as I passed several women who had distanced themselves from the main congregation to thrust and wiggle by themselves to the ‘music’ in a Sim-like manner along the sidelines. I’m not going to lie – I kind of wanted to join in! It reminded me of doing the Hokey Cokey with the kids in the school in Cambodia, only this time it was hundreds of anonymous early-morning Saigonese women shaking and gesturing with frowned and scrunched up faces in what I can only assume is a regular exercise regime that both avoids the midday heat of the sun and also helps to burn off excess calories supplied by the inclusion of oil and grease to every single dish and meal.Bizarre.
12325749_10153217909823483_1277948387_o

I think the fact that it appeared out of nowhere as I blearily trudged to the bus station with all my worldly possessions (or at least, everything I currently carry with me) was probably the main source of surprise, yet it may also have been due to the fact that this was the earliest I’ve ever roamed the streets of the city, and being accustomed to my name as an early riser had pretty much just assumed that nothing much happened before the hours I found myself outside. How very wrong I was!

12351388_10153218838373483_843405117_o

Ho Chi Minh this time around was a thoroughly enjoyable experience, despite the rather dodgy 18-person dorm room in the budget hostel – but for 3 dollars a night, who’s going to argue?! Previous navigation having not proven so beneficial, I all of a sudden found on my return that I knew where to go and had the confidence to somehow find the things I needed, and the timely occurrence of a World Food Festival in the central park during the day and evenings was a fantastic find when it came to securing cheap eats and yet more bizarre interactions with customs and trends that I’m really not sure will ever properly reach our side of the world…!

12348755_10153218958898483_772053028_nI managed to secure some final Vietnamese Christmas presents (no pictures, coz , yknow, PRESENTS) in my most intense haggling-session to date in the Ben Thian Market, and proudly left with more plunder for my money than I have ever before! I’m getting used to this!

I also think that since being alone I’ve become more accustomed to and adept at crossing the roads and incessant torrential flow of motorbikes and vehicles that do not stop or cater for pedestrians whatsoever in their narrow span of vision – I don’t want to jinx this, but I’ve found that in literally just asserting your space and striding with a bit of confidence instead of looking to a companion or fellow tourist to pave the way for you, I’ve had more success crossing the roads and have even found myself adding to a line of traffic as a pedestrian – locked in on four sides by motorbikes, I literally had to wait for the lights to go green before I could walk in any direction – it was literally every man (or woman) for themselves, and I quickly had to leap to one side as soon as my predecessors revved forwards.

 

As I write now I’m sitting in Singapore airport – easily the coolest place I’ve ever had to kill a few hours. Hopefully I’ll get to see a bit of the city as my flight onwards doesn’t leave until the early hours of tomorrow, so I’ll write a post on that as soon as I find a free plug socket….! Vietnamasté!!!

Ar Thóraíocht Taistil – Fánaíocht le Ho Chi Minh

***Leagan Béarla faoi (English Version below)***

12319380_10153210475638483_602964778_n
‘Not All Those Who Wander Are Lost…..”….Bhí mise!

Fánaíocht fánaíocht fánaíocht. ‘Sé an t-aon rud a dhéanaimse na laethanta seo. Níor thosaigh mé amach le plean faoi leith. Níl aon rud faoi leith bainte amach agam go fóill seachas meas níos láidre ar mo chuid scileanna loingseoireachta agus cumais féin, agus freisin an t-eolas go bhfuil mé go breá in ann aire a thabhairt dom fhéin agus mo bhealach a dhéanamh go dall (nó bodhar) trí chuinsí nach bhfuil leagtha amach go cinnte romham.

Tuigim go maith freisin agus airím na rudaí beaga sa bhaile – frása a usáidtear i bhfad ró-(Ho Chi) mhinic(!) ach faoi láthair comh fíor domsa gur féidir liom an t-aistear abhaile a shamhlú agus dinnéar na Nollag le fataí breá na hÉireann os mo chomhair a bhlaiseadh cheana féin – is i bhfad ó rís agus soy sauce a togadh mise! (#Notions)
Cairde réidh le casadh tar éis téacs scioptha i ndiaidh na hoibre; bia réidh le hollmhú sna cófraí; nósanna coitianta; ranganna íoga le freastal orthu agus coinní rialta nach bhfagann mórán le bheith buartha faoi ó thaobh athruithe gan fógairt; córas taistil a bhfeidhmníonn sách maith agus caighdean slándála nach dtugann cúis imní ar bith d’germaphobes ar nós mé fhéin…leanann an liosta ‘home comforts’ ar aghaidh. Ach fós, is láidre an maitheas ná an t-olc leis an gcineál taistil, slí bheatha féin-cruthaithe seo, agus mar sin is féidir liom glacadh leis níos fearr anois agus é a shlugadh siar, mar a deirfeá. Níos tábhachtaí ná haon rud eile anois ná gur féidir liom sult a bhaint as na ‘droch’ rudaí freisin, seachas díreach iad a fheiceáil mar gnéithe a bhfuil orm cur suas leo.

12325193_10153212312513483_1410829896_n
Turtle Tower (yep, sin an t-ainm atá ar!) i lár Hoam Tiem Lake

 

Is príomhchathair Vítneam í Hanoi a bhfuil tréithe cosúla aici le roinnt príomhcathracha eile atá feicthe agam, sa chaoi is nach bhfuil an iomarca deacrachtaí ann í a thrasnú…tuigim go bhfagann an pictiúir atá in éineacht leis an bpóstáil seo a mhalairt le tuiscint, ach thug ár mbrú (Drift Backpackers’ Hostel) léarscáil dúinn (comh maith le bricfeásta agus beoir saor in aisce!) a bhí sonraithe go maith agus a chuir go mór lenár gcúpla lá ann. Níor chaith muid pingin ar iompar taistil an t-am uilig is muid ann, agus fós d’éirigh linn na pointí spéise is mó sa chathair a fheiceáil agus a aimsiú, ar nós Hoan Kiem Lake (Sword Lake), leis an Turtle Tower agus Huc Bridge a mhaireann ann ón Ming Dynasty, iarsmalann Ho Chi Minh, iarsmalann Staire, agus Airm Hanoi, agus Mausaleum Ho Chi Minh (sa phictiúir). D’éirigh linn teacht ar an ‘Bia Hoi’ san oíche freisin, le cúpla deoch ‘al fresco’ i measc na sluaite daoine áitiúla ag stanadh orainn ach ag baint sult as an oíche, muid uilig inár suí ar stólanna beaga plaisteacha ‘nós na cinn a bhí againn sa gháirdín sa bhaile is muid óg, a bhí mar dréimirí dúinn don doirteal sa leithris.

Theip orm teacht ar an studio íoga a chonaic mé ar líne, ach ní gan iarrachta ar mo thaobhse a tharla sé- chaith mé uair a chloig ar fánaíocht thart timpeall an cheannscríbe a leag Google Maps amach dom, ag cuartú in aisce an Zenith Yoga Café nach bhfuil ar an bhfód a thuilleadh, de réir dealraimh. Is ar éigin a d’éalaigh mé ó roinnt mná ag seastáin a bhí ag díol maisiúcháin Nollag bándearga, a d’iarr mé orthu go neamhurchóideach faoin áit – arís leis an bhfánaíocht – sular éirí mé as an iarracht le seacláid te a cheannach ar an mbealach ar ais – tá sé ag éirí fuar i Vítneam! Níor cheap mé ariamh go ndeirfinn na focail sin!

4cd736b1-338b-4611-9615-d610bc5514bf

Bhí roinnt cómhráite thar a bheith spéisiúla agam le grúpaí mic léinn a bhí beartaithe i hataí, cótaí agus geansaithe móra cíbe uair a thóg ár gcosa in aice an locha muid. D’iarr siad cead orainn go cúthaileach pictiúirí a glacadh linn, cómhráite a thaifead ar ghutháin chliste agus taibléidí, agus go bunúsach labhairt leo i mBéarla go nádúrtha faoi rud ar bith – faoinár mbaile fhéin, ár nósanna, tír, agus teanga. D’inis siad liom a gcuid freisin, agus dúirt siad go raibh siad thar a bheith buíoch as an t-am a thug miuid dóibh – ach le fírinne, ceann de na rudaí is spéisiúla le tamaill a bhí ann domsa comh maith! B’iontach spreagúil an díograis a bhí acu i dtaobh foghlaim teanga, agus bhí an cur chuige díreach ceart acu comh maith – labhairt go nádúrtha le cainteoirí dúchasacha, ar bhonn neamhfhoirimiúil…d’fhéadfaimis go leor a fhoghlaim uathu!

Bheadh lá nó dhó eile an chathair a thaisceáladh go deas, toisc gur laghdaigh an fhaitíos a bhí romhainn dul i mbun rudaí a chuartú nuair nach raibh muid cinnte cén treo le tabhairt faoi, ach san iomlán fós thaitin Hanoi liom i bhfad níos fearr go Ho Chi Minh (Saigon!). Chuir sé seo ionadh orm toisc gur Hanoi an phríomhchathair, ach b’fhéidir léiríonn an chaoi go bhfeidhmníonn sé agus an chaoi go bhfuil gach rud comh héasca le loingsiú go leor i bhfábhar an teideal seo. Tá sé fós ina cíortuathail, ach cíorthuathail faoi a thuilleadh smachta atá inti!

Mar fhocal scor, tá cuma melodramatic ar an abairt seo ach caithfear a rá go bhfuil rud eicínt thar a bheith teiripiútach ag baint leis an tuiscint a aimsiú go bhfuil tú go hiomlán caillte agus leat fhéin i gcathair iomlán éagsúil agus i bhfad ón bhaile, agus teacht ar an eolas go bhfuil tú in ann do bhealach a dhéanamh ar ais go háit nó sráid aitheanta faoi leith. Cé nach raibh muinín agat ionat fhéin in aon chor, is mothúcháin thar a bheith láidir é. Cinnte, tá go leor le rá faoin gcumas agus umhlaíocht a bhaineann le ceist a chuir i gcomhair treoireacha nuair nach bhfuil an léarscáil ag obair i gceart (ní mise atá ann, I swear!!) agus tá an dorchadas ag titim go scioptha timpeall ort. Fós is fearr liom an rogha seo a choinneál mar ‘Plan B’, ach sa chás seo, airím go láidir gur fearr i bhfad an modh ‘tástáil agus earraid’ a chuir i bhfeidhm is tú ag taistil thar aon rud eile.

12298154_10153210475883483_621175227_o
Ag mausoleum Ho Chi Minh é fhéin

 

 ************LEAGAN BÉARLA *** ENGLISH VERSION 

 

12319380_10153210475638483_602964778_n
‘Not All Those Who Wander are Lost..”..I fecking was though! 

Wander wander wander. It’s all I ever seem to do these days. I set out with no specific plans. I’ve achieved no specific sense of anything just yet other than a greater respect for my own capabilities and navigational skills, and also the knowledge that I am actually perfectly able of taking care of myself and finding my way blindly (or deafly) through a lot of seemingly impossible situations. Okay, so maybe I have learned something.

I’ve also come to really appreciate the little things at home – a phrase used all too often, but so true for me at this moment in time that I can vividly imagine Christmas dinner and fine Irish roasted potatoes on the table in front of me – it’s far from rice and curry I was rared! Friends ready to meet at the drop of a text message, food ready to prepare in the cupboard, routines, yoga classes to attend and regular plans that leave little to be apprehended regarding last minute changes, functioning transport systems, general cleanliness and standards of hygiene that give those with germophobic tendencies such as my own no reason to be sent into overdrive…the list goes on. But still, the good outweighs the bad in this kind of travelling, self-induced lifestyle, and as such I’ve also learned to better ‘suck it up’, for want of a better phrase, and most importantly of all enjoy it, instead of merely enduring.

12325193_10153212312513483_1410829896_n

Hanoi is a city akin to several other capital cities I’ve visited in that it it is actually fairly managable to navigate…I know the initial picture and caption in this post suggests otherwise, but our hostel (Drift Backpackers’ Hostel) provided us with a map (along with free breakfast and beer!) which honestly made our few days there seem so much easier. We didn’t spend a dollar (or dong) on transport the entire stay, and still managed to find and see some of the main attractions the city has to offer, including the Turtle Tower and silver Pagoda, the night markets, History museum, Ho Chi Minh museum and mausoleum (pictured), Women’s museum, and Bia Hoi old quarter for several beverages ‘al fresco’ – seated at night along a crowded street on tiny plastic stools like the ones we used to have in the garden and use as stepladders to reach the sink in the loo at home.

Considering the streets all have actual names, instead of numbers which don’t match up to any neighbouring street or follow any sensible sequence of address or postal code (ahem, here’s looking at you Phnom Penh..!), we actually found ourselves not needing the map to find the more local places after a day or two!

4cd736b1-338b-4611-9615-d610bc5514bf
Hidden gems and doorways around every turn...

 

I failed to find the yoga studio I’d located online, but it wasn’t for a lack of trying or any failure on my part – I wandered the 100 metre area of where Google Maps had led me searching in vain for the non-existent Zenith yoga café, asked numerous people and even ended up almost buying some tacky pink Christmas decorations just to fend off a particularly pushy vendor lady whose shop I unwittingly wandered into on a whim – again with the wandering – before accepting defeat and buying a hot chocolate on my way back. It has actually begun to get cold in Vietnam. I never thought I’d say thse words!

Fascinating conversations were had with local students wrapped up in hats, coats and scarves who approached us nervously whenever we strayed near the lake, looking to record conversations with us in English, pose for photos, and mostly hoping to maintain a sensible conversation with a native speaker for more than a few minutes. Their dedication was frankly inspiring, and I thoroughly enjoyed talking to them and exchanging knowledge, traditions, and facts about our own countries that couldn’t have been shared otherwise. They also had the perfect way of approaching language learning, which was fascinating to see in practice – speaking naturally and informally to native speakers in a casual setting. We could learn a lot from them….

I would have liked a bit longer to explore the city as I felt once we got a grip on the basic layout of the place it became an awful lot less daunting to go searching for things without knowing exactly where they were, but in general I much preferred it to Ho Chi Minh City (Saigon)! This surprised me considering Hanoi is the capital, but maybe it’s functionality and general heightened sense of accessibility says a lot to support this choice. It’s still chaotic, but nowhere near the rat races of Ho Chi Minh!

It sounds fairly cheesy, but there is something extremely theraputic about getting completely lost in a strange city and managing to somehow find and guide yourself back to an area of relative familiarity, taking a chance at each turn and trusting basic instincts to lead you right again. Of course there’s also a lot to be said for being able to admit defeat and ask for directions once it starts getting dark and you can no longer see the street signs or map in front of you, but I like to think of this option always as Plan B – in this case, I feel trial and error is always the best way forwards.

12298154_10153210475883483_621175227_o
At the mausoleum of Ho Chi Minh himself..!

 

 

Oibrigh. Sábháil. Taistil. Arís. – Work. Save. Travel. Repeat.

Gaeilge *Leagan Béarla faoi – English Version underneath*

 

Oibrigh. Sábháil. Taistil. Arís.

Bailigh milliúin Dong ar do bhealach thar ‘Go’ (an ATM), agus cuirfidh sé ar aghaidh thú leis an chéad cúpla céim eile a thógáil….

6cf8b9e8-ee8e-4d97-ae6e-d1c81128e806

Le coicís anuas is ar nós míreanna meara de laethanta, smaointí, pleananna agus droch-ghluaiseachtaí atá an aistear seo caite againn, cuid dóibh a d’oibrigh amach i gceart, cuid eile nach raibh comh maith sin. Cluiche boird mionsonraithe de bhusanna, brúanna, modhanna taistil agus ceannscríbeanna atá leagtha amach againn dúinn féin le haimsiú atá taobh thiar dúinn agus os ár gcomhair. De réir mar a buailtear chuile chéim ar an aistear, gach bus déanta in am, sráid aimsithe, agus lóistín sroichte, airím go bhfuil éacht suntasach bainte amach againn agus neamhspleachas cosúil le turas taisce a líonadh i gceart aimsithe dúinn féin. An difríocht a bhaineann leis anois ná go bhfuil duaiseanna éagsúla ag an deiridh – bricfeasta saor in aisce nó pionta fuar ag an lóistín, radharcanna difriúla agus cairde nua spéisiúla chuile lá.

Tá sé spreagúil. Tá sé scanrúil. Tá sé luachmhar mar thaithí saoil……tá sé réadúil. Tá treoireacha gairid cosúil le seo leagtha amach againn don chéad coicís eile – treoirlíonta gairid agus dáta le bheith in áiteanna faoi leith, ach teada anuas ar sin.

Chaith muid cúpla oíche i mbaile beag stairiúil agus traidisiúnta darbh ainm Hoi An le déanaí, agus cé go bhfuil sé ráite agam cheana is muid ag teacht ar áiteanna nua ar an mbealach, bhí an baile seo mar an stop ab ansa liom go dtí seo ar an turas. Ciúin agus socair i rith an lae, na himeachtaí is mó ag sioscadh ag an aonach sna seastáin ag na céanna, freastalaí ag úsáid a gcuid Béarla teoranta le turasóirí a mhealladh earraí baile a cheannach; ‘You buy somthing?” ‘Special price for you!”, ‘No pushing here! You buy!’ (go híorónta), agus turais rialta don abhainn ag fágáil ón gcé.

f57b031a-69d2-4091-97a3-72cd97645a8e
Aonach – Market

 

Tar éis an leisciúileacht agus saol ciúin i Mui Ne, bhí neart le déanamh in Hoi An, agus bhain muid sult as an deis a bheith mar ‘turasóirí’ cearta arís. Tá clú agus cáil ar Hoi An mar gheall ar na tailliúirí traidisiúnta atá lonnaithe ann, ag dul siar thar na glúinte sna clainne a maireann os cionn na siopaí beaga ar fud an bhaile. Fuair mé sciorta breá fada táilliúrtha, a leithéid de ceann a bhí feicthe agam in Topshop sular fhág mé ar phraghas €90, i gcomhair $30. Bualadh beag sa bhuiséid a bhí ann fós, ach b’fhiú é nuair a smaoiním ar sin agus ar an gcaoi go bhfuil sé táilliúrtha dom go pearsanta i Vítneam – ar fhaitíos go bhfeicfinn ar éinne eile sa bhaile é!  Cé mhéad duine atá in ann é sin a rá?!! Is buatóirí muid uilig! (Seachas Topshop!)

Níor phleanáil mé an costas breise seo ach murach é airím go mbeadh cuid den espéiris Hoi An caillte agam, go háirithe nuair a d’aithin mé go raibh gach ceann de na cuairteoirí eile ar chas muid leo san oíche ag fanacht le ceirt eadaí a bhailiú an lá dar gcionn idir culaith, gúnaí, bútaisí agus eile. (Táim sách gafa le headaí ar aon chaoi agus mar sin bhí sé cineál dosheachanta go nglacfainn páirt!)

cb9dd277-c350-495d-8c07-b85cd274ce6b
Siopa Táilliúrtha ‘Mrs. Sa’ – Mrs. Sa’s Tailoring

ef42fbe1-7cb7-4ba9-83ec-a3e3de46fb04Cé go bhfuil sé níos ciúine i rith an lae, is san oíche a lastar tuirne na beatha in Hoi An, go litiriúil leis na soilse agus laindéir ildaite atá le feiceáil agus le ceannach ar thaobh na sráide agus in aice na habhainn. Le hísliú na gréine lastar na soilse agus coinnle ildáite ar foluain go séimh san uisce ar thaobh na gleoiteoga beaga, agus neart earraí le n-ithe ar díol ar na sráideanna anois idir pancóga, torthaí le siúcra agus uachtar reoite. B’fhéiríní álainn iad na radharcanna agus bolaithe do na céadfaí, ag leanacht leis na turasóirí go mall síos na sráide ag blaiseadh agus ag breathnú thart timpeall orthu le hiontas, ag caint is ag druidim i dtreo na bialainne agus tithe tábháirne. Níos fearr arís ná an teas – bhí muid go breá in ann do nuair nach raibh an ghrian ag síneadh anuas orainn go trom – ba leor gúna éadrom agus flip flops le píosa taiscéaladh a dhéanamh timpeall na soilse ag margadh na hoíche.

Bhí ‘Happy Hours’ á fhógairt acu ar chuile casadh, réimse leathan a thosaigh am ar bith idir a 11am agus 12pm, le díolacháin eile agus tuilleadh oibrithe ag brú á mbiachlár agus lascainí eile orainn don oíche ar fad. Neartaigh siad seo de réir is a laghdaigh na cúplaí níos sine agus clainne óga ar ais go na hóstáin agus lóistín níos costaisí ar thaobh na habhainn, ag fágáil an bealach don slua ‘backpackers’ níos óige, mar a cuirtear orthu, nach dtógann mórán le tuineadh isteach don ‘Tiger Tiger Bar’ nó ‘Funky c07f7792-0964-4773-898e-cc7d8e43a98eMonkey‘ ar an mbealach tar éis beoir ar $0.75 a fháil roimhe sin. D’éirigh lenár bhfiontar isteach don ‘Tiger Tiger Bar’ cairde nua ón nGearmáin, Sasana, ón mBeilg, agus ón Alban a fháil dúinn, a d’fhán linn ar turas ar aghaidh don chlub is oiriúnaí don chineál oíche neamh-phleanáilte a bhí tar éis titim amach-  an ‘Why Not Bar?’ 

Meascán de cheol a bhí le cloisteáil anseo ach arís b’fhiú an turas a thógáil isteach leis an éagsúlacht pearsantaí, náisiúntachtaí agus taisteálaí uilig ag iarraidh cairde nua a dhéanamh agus spraoi a bheith acu a bhlaiseadh.

D’éirigh liom áit a fháil sa chlub do dhaoine le ‘Moto-Exhaust pipe-Burns’, de réir mar a d’aimsigh muid go raibh an-cuid againn le gortaithe ar nós an ceann a fuair mise ar mo chos os cionn coicíse ó shin anois, uilig ag stáistí difriúla den phróiséas slánaithe agus mar ábhar spéise toisc go bhfuil siad comh héasca le fáil amach anseo nuair nach nglactar le bristí gearra mar bhaol is tú ag fáil gluaisrothair ar cíos. Oíche amach iontach a bhí ann ar aon chaoi, gan smál go dtí gur thosaigh an báisteach is muid ar an mbealach abhaile – le fírinne b’athrú deas a bhí ann ón ngrian.

13a3386e-662c-4c9e-bc01-28269efc3896
‘Hear no evil, see no evil, speak no evil”

Bhí foireann iontach cairdiúil ag obair sa mbrú inar fhán muid, Phuong Le Villa, a bhí suite go háisiúil agus go breá glan freisin. Bhí neart eolais acu maidir le turais agus modhanna taistil, agus 2 lachain gleoite a choinnigh súil amach ag an bhfáiltiú chuile oíche, a bhí muid an-mór le roimh dheireadh na cuairte!fc43a0c0-41f1-46b3-b1e7-1bceb0e1b325

Fuair muid rothair ar cíos freisin ar dollar amháin in aghaidh an lae le píosa fánaíochta a dhéanamh timpeall na sráideanna, ag seachaint na turais treoranta níos costaisí agus ag cuir dushlán romhainn fhéin in ionad teacht ar an trá mistéireach seo nach raibh fógartha go maith ar léarscáil ar bith. D’éirigh linn é a bhaint amach tamaill beag sular bhuail an teas láidir meanlae i gceart, rud a d’fhág an bealach abhaile oscailte tríd na páirceanna ríse agus droichid beaga, agus bhí orainn deifir a dhéanamh leis an ngrian nocht a sheachaint.

Fuair na céadfaí an lámh in uachtar orainn ar an oíche dheirineach nuair a thástáil muid cuid den bhia sráide – an rud ab ansa liomsa ná cáca beag déanta de fataí milse (sweet potato?), peanuts, agus coconut.

Bheadh Hoi An foirfe do saoire rómánsúil le seachtain a chaitheamh go ciúin i Vítneam, ach dúinne agus do go leor daoine óga eile ar labhair muid leo, ba leor cúpla oíche a chaitheamh ann, cé go raibh sé go hálainn. Ar deiridh, bhí brón orm an áit a fhágáil, ach ní comh brónach is a bhí mo sporrán tar éis cúpla lá a chaitheamh ag na margaí!

 

*********Leagan Béarla ******************

Work. Save. Travel. Repeat.

6cf8b9e8-ee8e-4d97-ae6e-d1c81128e806

Collect 1 Million Dong when you pass Go, (aka the ATM), and this will see you through to the next few rolls of the dice as you take the next uncertain leap forwards…
The past two weeks or so have been like an exciting jigsaw of days and ideas and trial and error plans that have often turned out to be the worst decisions, but at other times have pleasantly surprised us. It’s been a detailed board game of buses and hostels and modes of transport and destinations we’ve set out and reserved for ourselves to find and reach. As each step of the journey is ticked off and achieved, each bus made in time, street navigated, and budget accomodation located without too much struggle, there’s a sense of achievement and autonomy akin to successfully completing an Easter Egg or treasure hunt , only this time it’s real life and the prizes at the end are a free breakfast or cold beer at the hostel, and new incredible views and interesting accquaintences every day.It’s exciting. It’s nerve-wracking. It’s fulfilling…it’s living. The next two weeks have been planned out in a pretty similar way, a brief outline and a date to be in certain places by – but nothing further than that.

We spent a few nights in the stunningly dated and historical town of Hoi An, and although I’ve said it before on discovering new places, this town really has been my favourite stop off on our journey so far. Quiet and reserved during the day, the main activities chattering in the market stalls at the docks as the pushy vendors use their select phrases to entice Westerners to purchase many of their ‘homemade’ mass produced goods; ‘You buy something?’, ‘Special price for you!’, ‘No Pushing here! You Buy!’ (ironically), and regular river-tours departing from the docks.

dab8e589-3da8-4945-a011-39a4761e1dd5After the laid back laziness of Mui Ne, the sheer amount of things to do and see in Hoi An was amazing, and we went full throttle on the tourist clichés on our first evening and got sucked into having skirts made by one of Hoi An’s most renowned traditional tailors. It was a bit of a blow to the bank balance but definitely worth it when I consider the skirt I had made was modelled on one I’d seen in Topshop before leaving home that had retailed for about 90 euro, or something outrageous like that. I paid 30 dollars in Hoi An, it fits me to a tee and is also a uniquely crafted original piece that I won’t run the risk of seeing on someone else at home! Everyone’s a winner! (except for Topshop).

3b20fa6f-90bc-4aec-89b2-c34a931b7970It was an unplanned purchase, but considering everyone we encountered in the town seemed to have paid a visit to one of the many family-run tailors dotted here and there between the market stalls, be it for tailored suits, dresses, boots or otherwise, I would have felt like I’d missed out on a brilliant part of the experience had I not partaken (I also adore clothes and couldn’t say no, so I suppose it was inevitable really..!).

Although quieter during the day, the main walkways along the river and over the main bridge of Hoi An come alive as soon as the sun sets with an array of stunningly lit lanterns, floating candles, and even more stalls selling everything from pancakes to marinated and sugar-coated guave fruits. The sights and smells and easygoing flow of tourists wandering, tasting, talking and moving in the general direction of the restaurants and bars which line the streets is a real treat for the senses, especially considering the warm air means that even after nightfall a light Summer dress and sandles is perfect attire to explore the bright lights and pretty colours of the night markets.

751e4c36-8f17-4073-87fc-4fd5d62c867a‘Happy Hours’ abound on every corner, ranging from anywhere between 10am and midnight with specials and yet more pushy staff offering discounts and deals all day. These gain intensity once the older couples and families begin to drift sleepily back to their more expensive lodgings in the various higher end hotels, making way for the backpacker generation, easily persuaded after a few $0.75 beers to try the ‘Tiger Tiger Bar” or “Funky Monkey” along the mainstreet. Our venture to the Tiger Tiger Bar served as an introduction to some new Scottish, German, English and Belgian friends, who became out companions for the night and shared moto-taxis on to what is supposedly the most lively bar in town – the persuasively and aptly named ‘Why Not Bar?”. The music here was varied but it yet again pulled through with the wonderful mix of travellers and identities all willing to make new friends and have a good time.

I became a member of the ‘Moto-exhaust-burn Club”, as a shocking amount of fellow backpackers revealed similar burns to the one I received over 2 weeks ago now, all at varying stages of healing and the source of much disbelief at how easily obtained they are over here – uncovered exhaust pipes not proving successful partners when combined with short-legged trousers – another thing left unconsidered whilst travelling. It was honestly one of the best nights out I’ve had since coming to Asia and was only briefly tarnished by the rain on our way home – although it was welcome change to the heat we’d grown accustomed to.fc43a0c0-41f1-46b3-b1e7-1bceb0e1b325

 

Our accomodation Phuong Le Villa had incredibly friendly and helpful staff; as well as being brilliantly located and extremely clean they also offered a huge amount of information regarding tours and transportation, 2 cute fluffy ducklings keeping guard of the main recpetion area each evening, which proved popular amongst the international clientel.

We also rented rented bikes for a dollar a day and meandered around the streets, avoiding the more expensive guided tours and instead challenging ourselves one day to find the vaguely signposted beach (to be honest everything is quite vague here). We succeeded shortly before the midday heat properly hit, which meant the journey home through open rice paddy fields and over bridges was a rushed affair to limit our exposure to the naked sun.

One final trip into the town on the evening of our last day saw our senses get the better of us as we sampled some of the street food – a personal favourite and high point being the discovery of a sweet potato, coconut and peanut grilled patty-cake thing – yum!

Hoi An is honestly a dream destination for a chilled couply getaway – a few nights for us was enough, but if you were one of the many couples I observed jealously around the town with a slightly larger budget allowing for tours and more thorough exploring, I’m sure it may have proved a more fruitful experience. All in all I was sad to leave, and regret already the strain on my budget the market stalls and stunning colours everywhere have brought…!

Ar Thóraíocht Taistil – Ó Chonamara go Cambodia…go Vítneam

Ar Thóraíocht Taistil – Ó Chonamara go Cambodia…go Vítneam

 f83d5afe-d9cd-4d2d-92c5-940466a44881

Níor cheap mé riamh go n-aireodh an baile uaim comh mór seo. Go háirithe toisc go bhfuil sé ráite agam cheana nach dtarlaíonn sé sin dom. De réir dealraimh, ní tharlaíonn sé sin do daoine is iad ag taistil na cruinne, pictiúirí ar Instagram agus Facebook ag léiriú na híomhanna is fearr, na buacphointí nach mhaireann ach ar luas lasrach le cúpla soicind agus iad glactha. Ní raibh tinneas baile orm ariamh is mé ar saoire nó in aon áit ar bith ar domhan, agus mar sin níor aithin mé an mothúcháin go dtí gur bhuail sé sa chluas mé – é sin ráite, ní raibh mé riamh as baile comh fada seo ach oiread.

Ní bualadh sa chluas a bhí ann go fisiciúil, dar ndóigh.

Is mé ag athrú busanna ó mhionbhus go bus codlata le taistil ó Hue go Hanoi ar chósta thoir Vítneam inné, chas fear liom agus dúirt sé comh giorraisc Gaelach is a thagann siad; ‘you’re not Irish, are you?’
Ar chúis éigin mhuscail rud eicínt i mo chroí an canúint so-aitheanta sin a chloisteáil, glór aithnidiúil agus an ghreann ghearrchúiseach céanna is atá ionam fhéin ag casadh le chéile faoi dheireadh, i dtír nach bhfeiceann ionann ach turasóirí ó Theas tagtha le hairgead a chaitheamh agus pictiúrí a glacadh. Seans mhaith go bhfuil beagan áibhéil i gceist agam leis an abairt sin, ach ag an bpointe seo bhí mé comh sásta casadh le duine muinteartha nár thug mé faoi dheireadh go raibh muid tar éis moill ollmhór a chuir ar an scuaine, agus go raibh an tiománaí ag béiceadh orainn deifir a dhéanamh (ar a laghad, sin a tháinig trasna leis na gothaí móra agus tuin glórach cainte a bhí aige).
Shocraigh muid fhéin inár suíocháin (nó ‘leapacha’, sa chás seo), agus dúirt muid go labhródh muid arís ar ball, ach ní sular bhain mé amach gur Ciarraíoch a bhí ann ar saoire lena chailín ar feadh míosa, agus gur mise an chéad Éireannach a bhí casta acu go dtí seo.
‘Cén chaoi a raibh a fhios agaibh?’
‘Do ghruaig, dar ndóigh.’
‘Ah’.
D’úirt mo mham i gcónaí liom gan dath nó díriúcháin buan a chuir i mo ghruaig, agus anois gabhaim bhuíochas leí agus le chuile rud a d’iarr sí. Comh buíoch lena raibh mé nuair a tháinig mé ar an leabhar sin ó Ross O’Carroll Kelly i mbrú sa Chambóid an mhí seo caite – an cineál greann sin a d’airigh mé uaim agus a bhí orm a mhíniú don chomhluadar Sasanach a bhí timpeall orm ag an am – ‘loike, Ó mo Dhia bhí sé focking thar barr!’

Bhí turas fada romhainn, 12 uair a chloig ar a laghad, agus na buncleapacha míchompordacha ag freastal ar riachtanaisí na ndaoine nach bhfuil cosa comh fada píleata is atá agam. Tháinig mé ar sheasamh sealadach a rinne chúis dom codladh eadrom a fháil ar feadh 20 nóimead ag an am, sular éalaigh an mothúcháin uilig ar thaobh mo láimhe deise, agus bhí orm malartú a dhéanamh chun go ndéanfar cothromaíocht ar an easpa mothúcháin a bhí ag leathnú amach ionam. Ní dúirt éinne riamh go mbeadh busanna codlata galánta!
B’fhéidir gurb iad na hÉireannaigh eile a chuir cumha don bhaile orm, nó seans gur an aimsir a bhí ann – b’iontach an rogha a bhí againn an lá áirithe seo a chaitheamh ag taistil, toisc nár stop an báisteach ón uair a d’éirigh muid ar maidin. Cíbe rud é, thit coladh aisteach orm leathbhealach tríd an turais, agus ar feadh tréimhse ní raibh mé cinnte an fíor-eachtraí nó brionglóidí a bhí ag tarlúint timpeall orm, mo chairde ón bhaile do mo leanúint trí ghoirt ríse glasa ar rothair agus muid uilig ag caitheamh hataí triontánacha déanta le tuí.
Ba dlisteanach na radharcanna a bhí ag imeacht timpeall orm nuair a dhúisigh mé, ach ní raibh tásc nó tuairisc ar mo chomhghleacaí ón mbrionglóid in éineacht liom. Bhí mé liom fhéin arís, na ‘Paddy Fields’ mar a cuirtear orthu ag imeacht timpeall orm do mo chrá lena n-ainm Gaelach agus dath uaine álainn taobh amuigh – sílfeá gur ar Citylink nó GoBus go Gaillimh a bhí mé ag pointe amháin, na scamaill agus páirceanna ag déanamh comhbhrón le mo chuimhní ón tsamhradh i gConamara de réir mar a d’imigh an ghrian ón spéir is dorchadas anabhaí na hÁise ag titim.

Chaill mé uair a chloig nó mar sin ag cuimhneamh siar ar an cúpla seachtain deireanach a bhí caite agam le daoine nár chas mé le riamh roimhe sin, daoine eile ar fánaíocht ón Astráil, ó Shasana, Meiriceá, an Ghearmáin, an Bheilg….lean an liosta ar aghaidh. Bhí cairde iontacha déanta agam, rudaí feicthe agam agus déanta agam nár smaoinigh mé riamh a bhí mar fhéidireachtaí dom; cén fáth mar sin go raibh cumha comh mór sin don bhaile tagtha gan choinne orm? An Ghaeilge i mo chloigeann a bhí curtha ar leathaobh le cúpla seachtain anuas ach amháin le sampla a thabhairt do ghrúpa ón Ísltír nár chreid go raibh a teanga féin ag Éireann ag pléascadh uaim anois gan smacht, is mé ag streachailt teacht ar leabhar nótaí nó laptop le mo chuid smaointe a scríobh síos agus cuid de mo theanga dhúchas a chloisteáil arís go scioptha– fiú má’s i mo chloigeann amháin a bhí sí.

Tugann an cineál seo taistil meas agus grá difriuil agat do do bhaile féin. Domsa, tá os cionn mí go leith caite agam anois amuigh ón bhaile agus cé go bhfuil mé anois i dtaithí ar an tslí beatha seo, an ‘backpacker culture’ mar a deirtear i measc na taistealaí óga eile anseo, tá rudaí ionam agus mar chuid de mo phearsa nach n-athróidh comh héasca sin. I measc cultúir comh éagsúil ó mo cheann fhéin tá sé éasca dearmad a dhéanamh ar na rudaí a cheanglaíonn mo chroí go hÉireann nuair nach bhfuil siad díreach os mo chomhair, na nithe beaga a tharlaíonns ó lá go lá nach féidir cuir síos nó cur amach ceart a dhéanamh orthu do daoine iasachta eile. Tá an ‘Late Late Toy Show’ ar siúl anocht, mar shampla. Déan iarracht an ceann sin a mhiniú don ghrúpa taistealaí óga ón Nua-Shéalainn a roinn mé seomra leo aréir. Go figure.
Nílim ag rá nach bhfuilim buíoch as an deis seo a fháil – cinnte, ‘sé ceann de na rudaí is fearr a tharla dom agus a rinne mé dom fhéin i mo shaol, agus molfainn d’éinne é, ach tagann chuile rud go pointe ina bhfuil ort céim siar a thógáil agus amharc a thógáil ar na rudaí a d’fhág tú i do dhiaidh. Tharla an nóiméad sin dom le linn an turas sin inné, agus sílim go bhfógraíonn sé an cineál rian leathbhealaigh atá buailte agam anois. Tá neart foghlamtha agam, neart feicthe. Ach tá fós bóthar fada le dhul agam go dtí go mbeidh mé ar an bhfód dúchais arís.

Is an bus ag leanacht ar aghaidh tríd na hoíche, is dóigh gur thit codladh orm arís ag pointe nó dhó, in ainneoin na bóithre baolacha agus síorghleo na caranna ag bualadh bonnáin ar a chéile gan chúis agus gan éifeacht seachas paisinéirí traochta agus uaigneach ón Iarthar a choinneál ina suí. Cé go raibh mé ag súil leis na radharcanna a fheiceáil ag an gceannscríbe, is an chéad chéim eile ar an tóraíocht taisce seo a bhaint amach, líon íomhanna ón bhaile agus ón Nollaig ach go háirithe mo chloigeann, agus ghlac mé le suaimhneas go bhfuil sé sin fós ag fanacht orm tar éis dom filleadh abhaile. Don nóiméad seo, a bheartaigh mé, níl ann ach cúpla seachtain fágtha, agus tá sé ar intinn agam an oiread is mó a bhaint astu siúd agus gur féidir liom.

Ó Chonamara go Cambodia – From Connemara to Cambodia

Ó Chonamara go Cambodia – Seachtain Amháin Le Dhul

(Leagan Béarla ar bhun- English version below)

Éadaí fós sna málaí a d’iompar mé trasna na tíre ar an turas deiridh le hiarnáil amach, iad ag stanadh orm ó chúinne an seomra, láithreacht déanta níos glórmhaire toisc go bhfuil níos lú ná coíscíse le dhul go n-imeoidh mé arís.
Ag an bpointe seo is dóigh go bhfuil an maisín níocháin faoi a thuilleadh bhrú ná mar atá mé fhéin, ag iarraidh dul i ngleic leis an lámhdeachais (turnover) seo agus cinnte a dhéanamh go bhfágfaidh mé le mála droma lán le héadaí úra le chaitheamh agus tuáillí breá glan is tirim.
Teastaíonn uaim dul tríd gach rud, rudaí le thabhairt a shocrú amach, rudaí le caitheamh. Ba cheart dom liosta dhéanamh, rudaí a sheacáil as an liosta sin, pacáil a dhéanamh uair amháin le feiceáil an dtéann gach rud isteach, agus gach rud a bhaint amach arís le stuif a bhogadh thart.

Ba cheart dom. Ach ar chúis éigin, níl mé ró-bhuartha faoi.
Mar tá a fhios agam go mbeidh sé uilig togha. Cé nár chaith mé an oiread seo ama as baile riamh le chéile ag aon am amháin – tá tréimhsí fada déanta agam i nGaillimh le seachtainí ar deireadh a chéile gan trácht ná smaoineamh a chaitheamh siar don bhaile – ach tá sé seo difriúil. 10 seachtain ag obair agus ag taistil in oirdheisceart na hÁise. Seans mhaith nach mbeidh mé ag iarraidh filleadh abhaile ariamh – ná bí buartha, a Mham, beidh mé sa bhaile don Nollaig, ach cá bhfios cén áit a dtógfaidh an taithí seo mé ina dhiaidh sin – agus táim oscailte le cíbe rud!
B’fhéidir nach bhfuil sé gearr go leor go fóill leis na sceirbe a bheith ag teacht isteach…ach ar bhealach éigin airím nach mbeidh siad ansin an uair seo. Airíonn sé uilig comh maith sin. Airíonn sé i gceart. Nílim buartha faoi na nithe beaga de; na rudaí nach gá bheith buartha faoi. An scaoll idir eitiltí leis an gceangal a dhéanamh i gceart, nó an bosca mór piollairí malaria a bheidh liom an t-am uilig, gan trácht ar na féidireachtaí a bheidh ann teacht i dteagmháil le roinnt galair eile.
Is cúis imní níos mó ar fad dom é go mbeidh mé nochtaithe ar fad – ag taistil liom féin go tír comh iasachta seo gan teagmháil láithreach ar bith nó lámh le greim a choinneál ar má tharlaíonn aon rud.

Ar bhealach eile táim níos mó ar bís ná mar a bhí mé riamh d’aon rud. Ag cur mé fhéin amach ansin mar seo – dúshlánach agus dánaíoch go leor, ach ag forbairt ar mo chuid sháiniúlachta agus neart fhéin ag an am céanna, mar ní bheidh deis ach a bheith ag súil amach dom fhéin. Mise a bheidhs ar thús cadhanaíochta do na geataí imeachta, don deasc ‘visas’, don t-ostán agus ar aghaidh don scoil gach lá ina dhiaidh sin. Mise a bheidhs freagrach as cé comh maith no holc a n-éiríonn liom ar an turas seo – agus seo an rud – ní fíor-rogha atá san ‘olc’ sin!!
Is follasach a rá go bhfuil idir meascán de mhothúcháin agam, ach ag an am céanna, creidim go láidir nach mbeidh riamh aon ‘am ceart’ le rud mar seo a dhéanamh. Beidh ‘risk factor’ de shaghas éigin i gcónaí ann, agus da mba rud é gur fhán muid uilig i gcónaí ar an ‘opportune moment’ glacadh le dúshláin nó athraithe móra, bheadh muid ag fanacht go deo!

Mar atá sé anois airím réidh, airím láidir agus go breá cumasach, ar bís le feiceáil cá dtógfaidh an turas seo mé, go fisiciúil agus go spioradálta. Laethanta caite ag breathnú in éad agus ardmheas ag post Kathryn Thomas ar ‘No Frontiers’ is mé i mo shuí le cóipleabhar mata thart, mé anois ag cothú leis an ‘wanderlust’ agus spreagadh chun taistil is mé in ann faoi dheireadh dul amach liom fhéin sa domhan. Nílim tosaithe ag pacáil go fóill, ach tá liosta intinne déanta agam de na nithe a bheidh uaim, nithe a bheadh áisiúil, nithe nach dteastaíonn uaim in aon chor, agus nithe a ndéanfaidh mé gach iarracht a thabhairt liom ar aon chaoi.
An cúis imní is mó atá agam i láthair na huaire ná ag oibriú amach cén chaoi mála droma, giotar, mata íoga agus laptop a thabhairt liom uilig ag aon am amháin tríd na haerfoirt éagsúla agus amchriosanna (time zones) le casadh le duine éigin ar an taobh eile – le fírinne, d’fhéadfainn cúraimí níos measa a bheith agam faoi láthair! Tá go maith.

_________________________________________________________

From Connemara to Cambodia – 1 Week to Go

Ironing out the creases on clothes that I have yet to unpack is a beckoning chore, the bags I’ve just lugged cross-country made all the more noticeable in the corner of the room due to the fact that there are less than two weeks to go until I leave again.

At this stage I’m fairly sure that the washing machine is more apprehensive than I am, being expected to accommodate this turnover and ensure that I leave fully equipped with a backpack full of fresh clothes to wear and clean, dry towels. I need to go through everything, to sort out what to bring, what to wear. I should make a list, tick things off, pack once to see if everything fits and unpack again to rearrange things.

I should. But for some reason I’m not that worried about it.

Because I know it’ll all be fine. Even though I’ve never been away from home for this long all in one go – I’ve done stints in Galway for weeks on end without even thinking about home – but this is different. 10 weeks of work and travel in South East Asia. Chances are I won’t ever want to come home – don’t worry, Mum, I’ll be home for Christmas, but God knows where the experience could take me after that – and I’m open to anything!

Maybe it’s not quite close enough to it yet for the anxieties to have crept in…but somehow I feel like they’re not going to be there this time. It all feels so fine. It feels right. I’m not worried about the small details of it; the unecessary things. The panic of making connection flights, or the large box of malaria tablets I’ll have to keep on my person like a passport at all times, or the possibilities of contracting some unknown foreign diseases.

I’m more concerned with the fact that I’ll be so exposed – travelling alone, to such a foreign country and with no immediate contact or hand to hold should something go wrong.

In another way I’m more excited than I ever have been for anything. Exposing oneself like this is simultaneously daring and challenging, yet also extremely character-building and exciting, because I’ll have no choice but to look out for myself. I’ll be the one leading the way to the departure gates, to the visa desk, to the hotel and subsequent school the next day. I’ll be the one responsible for how well or badly the trip goes, and here’s the rub – ‘badly’ is not even being considered a real option here!

I think it’s safe to say I’m experiencing a very mixed range of emotions, but at the same time, I’m a firm believer that there is never going to be a ‘right time’ for me to do any of this or for me to make it happen. There’s always going to be some sort of risk factor involved, and if we were to always wait around for the ‘opportune moment’ to come to undertake a big change or challenge, we’d be waiting around forever!

As it stands I feel ready, I feel strong and capable and excited to see where this trip takes me, both literally and spiritually. My days of ogling Kathryn Thomas’s job on ‘No Frontiers’ as I sat and finished maths homework that was due days beforehand are finally being given some food to grow and see what can be made of the wanderlust that frustrated me at not being allowed out into the world. I haven’t started packing yet, but I’ve made mental lists of things I’ll need to bring, things that would be handy, things I definitely don’t need to bring, and things I’m probably going to try to bring anyway.

My main concern at the moment is how I’m going to manage a backpack, guitar, yogamat and laptop all at once as I travel through the various airports and arrive in a confusion of timezones to be (hopefully) received at the other side – to be honest, there are worse worries I could be having right now! All is well.

unnamed

Cácaí ar Chúinne Camden

Leagan Béarla
Tá caifé nua aimsithe agam i mBaile Átha Cliath!!
 An fhírinne glan – níl tuairim dá laghad agam maidir leis an gcraic seo i dtaobh ‘léirmheas caifé/criticeoir bialann’ a dhéanamh, ach d’airigh mé go raibh orm rud eicínt a rá faoin áit seo!
Díreach as Pleasant’s Place (meallann fiú ainm na sráide mé!) agus insroichte freisin tríd siopa Daintree’s ar shráid Camden, glacaim le seachmall nach rún eisiach a thuilleadh é ‘The Cake Café’, comh mór is a bhíodh tamaill ó shin sular cuireadh san áireamh é ar Dublin’s Fab Food Trail, a chuidigh go mór le cogar na sráide a scaipeadh ar fud na háite faoi.
images-1
Is mé ag teacht isteach seal beag roimh am lóin, bhí an áit beag teolaí ag pléascadh le beatha, boladh thairgeadh úr na hÉireann, tairgí bhaile, agus pónairí caifé úra ag fágail bhaile i gcupáin brandáilte leis an bhfrása iontach ‘Cupán Will Ya?’! (Admhaím go mbím thar a bheith sásta an Ghaeilge a fheiceáil in úsáid nuair nach bhfuil mé ag súil léi!).
Ina shuí sa chúinne ag ól braoinín caifé agus ag breathnú beagáinín as áit bhí Brian Dobson, fad is a bhailigh cúpla culaith eile thart timpeall ar na boird beaga a bhí taobh amuigh. Thug mé cúpla gloine fíona agus beoir ceirde faoi dheireadh i measc an sú úr agus muigíní tae ina measc.
Mo chineál áite’, a smaoingh mé dom fhéin.
Shiúil mé isteach go hamhrasach le mata íoga thar ghulainn amháin, agus laptop sa lámh eile, ag lúbadh mo bhealach isteach tríd na boird a bhí dingthe agus daonraithe le hoibrithe oifige ó na comhlachtaí móra timpeall na háite. Ní raibh cúis imní agam le fada, dar ndóigh, de réir is a tháinig na ‘foodies’ eile isteach, ag líonadh na háite faoin am ar shroich an clog beag caoindéanta le 1 i.n.
Nuair a deirim go bhfreastalaítear ar chuile thaobh san áit seo, agus go bhfreastalaítear go maith ar, deirim go láidir é. Scartha i rannóga ‘Bricfeásta’ agus ‘Lón’, le rudaí breise le fáil ar thaobh agus dar ndóigh na ‘Cácaí’ ríthábhachtacha ag deireadh, níl an biachlár é fhéin roleathan. Is mé ag glugadh siar mo chuid caifé, áfach, ba léir dom go raibh na rogha uilig ar an mbiachlár dochreidte agus níos tábhachtaí arís – thar a bheith sláintiúil, is mé ag faire amach orthu ar a n-aistear ón gcistin don bhord.
D’imigh na mná óga ag obair ann thart i bhfuadar an chaifé ag freastal ar roinnt custaiméirí le hainmneacha ar eolas acu, agus roinnt eile le mangáire agus comhartha i dtreo na boird a bhí fós folamh.
Ghéill mé faoi dheireadh, agus d’iarr mé biachlár uathu, mo chinneadh tar éis roinnt éiginnteacht ag dul leis an ‘Chorizo and Goats’ Cheese Salad with Homemade Brown Bread’, ag iarraidh sicín in ionad an chorizo, agus ag súil go mór nach dtiocfadh ‘food envy’ orm is an cailín óg in aice liom ag fáil granola le íogurt nádúrtha, peanut butter, agus banana. (Pointí sa mbreis ag dul go na freastalaí álainne as a bheith comh deas faoin athrú beag seo i m’ordú).
Is an babhla granola in aice liom do mo chur amú agus ag pleanáil bhricfeásta don lá amárach cheana féin, stop mé ag smaoineamh comh fada chun tosaigh nuair a tháinig mo bhéile fhéin. Cuireadh díreach ar ais so nóiméad mé le blaiseadh a thógáil den mheascán speisialta seo de cháis, trátaí, sicín, dates, beetroot, agus roinnt dathanna agus glasraí úir eile! Faigheann an saléid seo pointí chun tosaigh arís as a bheith thar a bheith sláintiúil agus taitneamhach, agus freisin as caighdeán an arán donn a tháinig in éineacht leis.
De gnáth ní thaitníonn dátaí liom (dates), ach bhí na cinn seo te agus bog agus chuir siad go mór leis na blais eile a bhí ar an bpláta – cheap mé go raibh feith an ghrinn liom ag seoladh pictúir dóibh go cara liom ag eagrú ‘dáta’ eile ann ansin an tseachtain seo chugainn.
unnamed-2
Saléid de goats’ cheese, sícín, beetroot, dátaí agus arán bhaile
Sular n-éirím ró-sceitimíneach faoi na biachláir (thar a bheith blásta!) i gcomhair lóin agus bricfeásta, caithfear trácht a dhéanamh ar na cácaí. Is ‘Cake Café’, atá ann, ar deireadh. Cúis bróid atá ann do mhuintir na gcácaí (mar céard eile a gcuirfeá orthu!?) cácaí a dhéanamh is a sheoladh amach le hordú taobh istigh de 24 uair a chloig. Cinnte, is mé ag suí ann liom fhéin ar mo sháimhín só le mo lón chonaic mé neart idirbheart cáca-d’airgid ag tarlúint thar an gcuntar. Ní hamháin cácaí réamhordaithe nó fiú cácaí ina iomláin, ach slisíní, bocainí, agus tartaí ildáite comh maith!
Cé gur bhreathnaigh na rogha uilig dochreidthe, agus ba chosúil go raibh súp á bhaint astu ag na daoine thart timpeall orm a roghnaigh ó liosta na gcácaí, níor thriáil mé aon cheann acu an chéad lá sin. Ní raibh mé in ann cinneadh a dhéanamh, agus tar éis mo bhéile (thar a bheith sóúil) fhéin, níor theastaigh uaim a thuilleadh bia saibhir an lá sin. Rinne mé cinneadh liom fhéin áfach go bhfillfinn ar ais go luath le ceann a bhlaiseadh.
Ba chúis imní dom an praghas a shamhlú is mé ar an eolas faoin eisiachas atá ag baint leis an áit seo, ach sheol caighdeán an bhia agus an tseirbhís aon amhras a bhí agam ag eitilt glan as mo chloigeann leis na bhféileacháin ildáite ag maisiú na gcacáí. D’fhán mé ar feadh tréimhse ina dhiaidh mo bhéile a chríochniú, ag faire amach timpeall orm, agus thug mé le fios gur rogha coitianta a bhí sna huibheacha agus sna glasraí rósta ar arán donn.
Ba shilín ar an gcíste é (ní léirmheas ‘Cake Café’ a bheadh ann gan an frása sin a úsáid!) go bhfuil fíon, prosecco, agus rogha deas beoir agus manglaim (cocktails) á ndíol acu comh maith, agus cinneadh eile á dhéanamh agam liom fhéin teacht ar ais oíche eicínt le deoch agus píosa cáca roimh dul amach ar shráid Camden.
Ag filleadh ar ais an lá dar gcion le cupán caifé a fháil agus píosa cáca (go hálainn, ní bhéinn ag súil le níos lú!), scaoileadh sceamh beag ‘fangirly’ ó mo bhéal nuair a chonaic mé Bressie ag suí ar thaobh eile an chaifé. Sea. Bressie. Beagnach cinnte gur thuig sé mé ag stánadh air, freisin. Taitníonn cáca le Bressie. Mar sin, taitníonn cáca liom. Nach hea sin a dheireann siad??
Mura dtugann sé seo cúis duit cuairt a thabhairt ar an ‘Cake Café’ go luath, níl a fhios agam céard eile ar féidir liom a rá.
images
Íum!

Nascanna úsáideacha:

 Dublin’s Fab Food Trails
@The Cake Café ar Twitter
The Cake Café ar Facebook
The Cake Café Online

Mumford ar mo Shon

Mumford ar mo Shon
-An t-aireachas (mindfulness) sa saol linn inniu

Ní rún atá ann go bhfuil bá faoi leith agam don ghrúpa ceoil Mumford and Sons. Is le linn an tsamhraidh i 2013 a cheannaigh mé ticéad ar DoneDeal.com do cheolchoirm dá gcuid a bhí ar siúl i bPáirc an Fhionnuisce ar an turas ‘Gentlemen of the Road’ in éineacht le Ben Howard, Ham Sandwich, agus Edward Sharpe & the Magnetic Zeros, agus níl mórán nach raibh ar an eolas ag an am go raibh mé ar bís faoi.

Faraor, buíochas le hansmacht uilíoch an idirlíon, agus easpa taithí ar mo shonsa i dtaobh úsáid leithéid shuíomhanna, diúltaíodh isteach mé ag na ngeataí bonnoibrithe toisc nár thicéad cuí a bhí agam. Ag siúl ar ais in aghaidh an easa, na mílte daoine ar a mbealach isteach don cheolchoirm is mé liom fhéin ina gcoinne, bheartaigh mé gan mhuinín a chuir in aon suíomh idirlíne nó grúpa taobh amuigh den chóras oifigiúla ariamh arís. Ag mallachtú an saol agus an fear slítheanta ar cheannaigh mé an ticéad uaidh, d’éist mé leis an gceol ag taiscéal tríd an aer do m’chluasa is mé ag fanacht ar bhus abhaile.

Ó shin, níl rud ar bith ceannaithe agam ar líne a bhain le tríú páirtí nó ‘fear sa lár’, mar a deirtear. Scaití is in ionad na táillí breise a íocadh a gceannaítear na ticéadaí seo, nó chun brábus a dhéanamh nuair atá ceolchoirmeacha díolta amach, ach i ndáiríre is minic a bhíonn costas níos mó ag baint leis an sealbhú a dhéanamh thar cheann de na suíomhanna seo chun go ndéanfar brábús ar an táirge. Ní ar an tomhaltóir atá na mangairí seo ag díriú, ach orthu féin agus ar na féidireachtaí atá ann dóibh – an t-airgead atá le baint ó lucht leanúna na ngrúpaí ceoil seo ag iarraidh ticéad a fháil ar aon chostas. Go pointe, is dúshaothrú ar an ngnáthduine atá ar siúl acu, agus dar ndóigh ní ceart go mbeadh an féidirtheacht sin ann dóibh. Dom fhéin, tuigim nár cheart dom dul sa tseans mar sin arís agus muinín a chur le rud nach bhfuil aon bharántas nó chinnteacht ag baint leis, ach ag an am níor éist mé le m’instinn agus réasún, comh fíanta sin a bhí an fonn ionam an grúpa a fheicéail.

An uair sin bhí an locht orm nár fhiosraigh mé tuilleadh eolais ón bhfear a bhí á dhíol. Chas mé leis i Leamhcán, thug mé an t-airgead dó, thug sé an píosa páipéir dom (droch-chomhartha dá bhfeicfeá ceann riamh) agus as go brách leis ina Fiat Punto beag glas. Bhí mé comh sásta liom fhéin gur éirigh liom ticéad a fháil nár lig mé liom fhéin smaoineamh a dhéanamh ar na laigí atá soléir dom anois ag cuimhneadh siar. Ach mairimid uilig ó ard go haird, agus ba chúis sealadach an ticéad sin dom a bheith ar bís agus ag súil le rud eicínt faoi leith – cé gur ceannaíodh é gan mhórán pleanála a dhéanamh ar.
Ní dhearna na ‘Gentleman of the Road’ turas an bhliain seo chaite, agus i mbliana níl siad ag síneadh comh fada le hÉireann leis an bhfiontar. Ach ón méid atá cloiste agam d’albam nua Mumford and Sons go dtí seo, is cosúil go bhfuil draíocht d’shaghas eicínt eile ag druidim linn, agus má’s fíor sin táim go breá le bheith ag feitheamh ar an gcéad ghig eile. In amhrán amháin nua, ‘Snake Eyes’ s’acu, tá líne amháin a mhíníonn go mbeidh baol i gcónaí ag baint le rudaí den tsórt seo – ‘I can tell, you will always be danger’. Is orainn atá an brú a bheith ar an airdeall maidir leis na nithe beaga ag baint leo, agus gan dul amú is muid sa tóir orthu.

An t-aireachas atá tábhachtach sa chás seo – a bheith aireach ar an saol agus ar ár n-aigne agus inchinn féin, ár gcosa ar an talamh fúinn agus ár n-aird dírithe ar an nóiméad atá ann i láthair na huaire. B’fhéidir dá mbeadh an meon seo agam is mé ag dul leis an ticéad a bhailiú an lá sin, dá mbéinn ar an airdeall maidir leis an nóiméad sin ar thug mé an t-airgead dó, seans ann nach mbeadh gá leis an tubáiste ag na geataí iontrála. B’fhéidir. Scaití bíonn orainn botúin a dhéanamh agus ceachtanna a fhoghlaim ar an gcaoi seo ionas nach ndéanfar arís iad, agus le fírinne glacaim anois go raibh orm an botún sin a dhéanamh. Níor éirigh liom dul isteach sa cheolchoirm, ach bualadh go láidir mé le ciall agus soléireacht maidir leis an méid a bhí tárlaithe is mé ar an tsiúlóid sin amach ó na geataí. Bhí mé ann ag siúl, seachas a bheith ag smaoineamh ró-fhada romham nó i mo dhiaidh, agus cé go raibh brón orm ag cailliúnt amach ar an gceolchoirm, bhí mé lonnaithe sa nóiméad sin ag smaoineamh faoi, agus bheartaigh mé gan dul chomh fada sin ó m’inchinn fhéin leis an idéalachas riamh arís.

‘Cíbe áit ina bhfuil tú, is ann atá tú”.

Coffee agus Ceol

Striving for this again for the week ahead in work….

UpwardFacingBlog

Finishing off my coffee this morning, I’m surprisingly at peace with my body and soul right now. My aura? My…existence. Right at this moment…is ok. For now. Sometimes this feeling is the closest I know I’ll ever get to contentment. It’s brief, it won’t last longer than a few minutes I know, but at least I can recognise it when it finally shows it’s face. It’s nice to know and realise sometimes that it is possible to occupy your own space in the world without wishing you didn’t have to, even if it’s only brief. These moments help me know that’s it’s real.

The man who works downstairs has also come in early, but instead of using this time to needlessly surf the web like me, he is practicing the french horn. I didn’t realise until now, but the sound reminds me of being young, and being part of orchestras, surrounded…

View original post 475 more words