Mumford ar mo Shon

Mumford ar mo Shon
-An t-aireachas (mindfulness) sa saol linn inniu

Ní rún atá ann go bhfuil bá faoi leith agam don ghrúpa ceoil Mumford and Sons. Is le linn an tsamhraidh i 2013 a cheannaigh mé ticéad ar DoneDeal.com do cheolchoirm dá gcuid a bhí ar siúl i bPáirc an Fhionnuisce ar an turas ‘Gentlemen of the Road’ in éineacht le Ben Howard, Ham Sandwich, agus Edward Sharpe & the Magnetic Zeros, agus níl mórán nach raibh ar an eolas ag an am go raibh mé ar bís faoi.

Faraor, buíochas le hansmacht uilíoch an idirlíon, agus easpa taithí ar mo shonsa i dtaobh úsáid leithéid shuíomhanna, diúltaíodh isteach mé ag na ngeataí bonnoibrithe toisc nár thicéad cuí a bhí agam. Ag siúl ar ais in aghaidh an easa, na mílte daoine ar a mbealach isteach don cheolchoirm is mé liom fhéin ina gcoinne, bheartaigh mé gan mhuinín a chuir in aon suíomh idirlíne nó grúpa taobh amuigh den chóras oifigiúla ariamh arís. Ag mallachtú an saol agus an fear slítheanta ar cheannaigh mé an ticéad uaidh, d’éist mé leis an gceol ag taiscéal tríd an aer do m’chluasa is mé ag fanacht ar bhus abhaile.

Ó shin, níl rud ar bith ceannaithe agam ar líne a bhain le tríú páirtí nó ‘fear sa lár’, mar a deirtear. Scaití is in ionad na táillí breise a íocadh a gceannaítear na ticéadaí seo, nó chun brábus a dhéanamh nuair atá ceolchoirmeacha díolta amach, ach i ndáiríre is minic a bhíonn costas níos mó ag baint leis an sealbhú a dhéanamh thar cheann de na suíomhanna seo chun go ndéanfar brábús ar an táirge. Ní ar an tomhaltóir atá na mangairí seo ag díriú, ach orthu féin agus ar na féidireachtaí atá ann dóibh – an t-airgead atá le baint ó lucht leanúna na ngrúpaí ceoil seo ag iarraidh ticéad a fháil ar aon chostas. Go pointe, is dúshaothrú ar an ngnáthduine atá ar siúl acu, agus dar ndóigh ní ceart go mbeadh an féidirtheacht sin ann dóibh. Dom fhéin, tuigim nár cheart dom dul sa tseans mar sin arís agus muinín a chur le rud nach bhfuil aon bharántas nó chinnteacht ag baint leis, ach ag an am níor éist mé le m’instinn agus réasún, comh fíanta sin a bhí an fonn ionam an grúpa a fheicéail.

An uair sin bhí an locht orm nár fhiosraigh mé tuilleadh eolais ón bhfear a bhí á dhíol. Chas mé leis i Leamhcán, thug mé an t-airgead dó, thug sé an píosa páipéir dom (droch-chomhartha dá bhfeicfeá ceann riamh) agus as go brách leis ina Fiat Punto beag glas. Bhí mé comh sásta liom fhéin gur éirigh liom ticéad a fháil nár lig mé liom fhéin smaoineamh a dhéanamh ar na laigí atá soléir dom anois ag cuimhneadh siar. Ach mairimid uilig ó ard go haird, agus ba chúis sealadach an ticéad sin dom a bheith ar bís agus ag súil le rud eicínt faoi leith – cé gur ceannaíodh é gan mhórán pleanála a dhéanamh ar.
Ní dhearna na ‘Gentleman of the Road’ turas an bhliain seo chaite, agus i mbliana níl siad ag síneadh comh fada le hÉireann leis an bhfiontar. Ach ón méid atá cloiste agam d’albam nua Mumford and Sons go dtí seo, is cosúil go bhfuil draíocht d’shaghas eicínt eile ag druidim linn, agus má’s fíor sin táim go breá le bheith ag feitheamh ar an gcéad ghig eile. In amhrán amháin nua, ‘Snake Eyes’ s’acu, tá líne amháin a mhíníonn go mbeidh baol i gcónaí ag baint le rudaí den tsórt seo – ‘I can tell, you will always be danger’. Is orainn atá an brú a bheith ar an airdeall maidir leis na nithe beaga ag baint leo, agus gan dul amú is muid sa tóir orthu.

An t-aireachas atá tábhachtach sa chás seo – a bheith aireach ar an saol agus ar ár n-aigne agus inchinn féin, ár gcosa ar an talamh fúinn agus ár n-aird dírithe ar an nóiméad atá ann i láthair na huaire. B’fhéidir dá mbeadh an meon seo agam is mé ag dul leis an ticéad a bhailiú an lá sin, dá mbéinn ar an airdeall maidir leis an nóiméad sin ar thug mé an t-airgead dó, seans ann nach mbeadh gá leis an tubáiste ag na geataí iontrála. B’fhéidir. Scaití bíonn orainn botúin a dhéanamh agus ceachtanna a fhoghlaim ar an gcaoi seo ionas nach ndéanfar arís iad, agus le fírinne glacaim anois go raibh orm an botún sin a dhéanamh. Níor éirigh liom dul isteach sa cheolchoirm, ach bualadh go láidir mé le ciall agus soléireacht maidir leis an méid a bhí tárlaithe is mé ar an tsiúlóid sin amach ó na geataí. Bhí mé ann ag siúl, seachas a bheith ag smaoineamh ró-fhada romham nó i mo dhiaidh, agus cé go raibh brón orm ag cailliúnt amach ar an gceolchoirm, bhí mé lonnaithe sa nóiméad sin ag smaoineamh faoi, agus bheartaigh mé gan dul chomh fada sin ó m’inchinn fhéin leis an idéalachas riamh arís.

‘Cíbe áit ina bhfuil tú, is ann atá tú”.

“Tá sé ina Gheimhreadh”

Léirmheas ar an scannán Disney is déanaí – “Frozen” (2013)

November 1st, 2013 @ 20:51:56

Tá sé ina Gheimhreadh”

 Cé nach bfhaca mé go dtí mí Feabhra an scannán seo, bhí rud eigín oiriúnach ag baint leis an gcaoi gur díreach ag tús an Earraigh a bhfuil sé feicthe agam faoi dheireadh.

An chéad mór-tháirgíocht beoite ó gur scaoileadh “Brave” i 2012, is mór an phoiblíocht a thug Disney do “Frozen” – an oiread sin go raibh neart in amhras go mbeadh maitheas air in aon chor. Ach dar ndóigh, ag claoi leis an ndraíocht intógtha sin a cuireann Disney ar leathaobh dá gcuid pictúir beoite, bhí geas á imirt orm ón gcéad radharc amach – is cosúil go raibh mé “reoite” im shuíocháin!
Mar pháiste a togadh ar na scannáin Disney, ba mhór an ócáid a bhí ann i gcónaí nuair a scaoileadh ceann nua- mo chéad chuairt ar an bpictiúrlann chun “101 Dalmations” a fheicéail ag gobadh amach mar chuimhne láidir dhom. Mar sin, bheadh claonadh ag duine ar bith ar chomhaois liomsa cuid den chumha sin a bhíonns ionam i gcónaí ag tabhairt aghaidh ar Disney “nua-aoiseach” a mhothú. Sé sin le rá go bhfuil na “Disneys” mar a bhí taithí againne orthu ar ais sna nochaidí i ndiaidh “makeover” ollmhór a bheith acu – ó thaobh tairgíocht scáileáin ach go háirithe. Is amhlaidh go bhfuil fiú na banphrionsaí Disney agus a gcuid ainmhithe ceolmhaire anois le feicéail i 3-D, ar Blu-Ray, agus ar-líne ma theastaíonn sé uainn. Cé nach mar an gcéanna iad, is cinnte go bhfuil maitheas, sonas, agus teachtaireachtaí saolta na “Disneys” fós ag baint leo – caighdeán a leag a leithéid de Aurora agus Cinderella amach sna blianta siar ó shin.

Le hainmneacha mór le rá a chuir sna haitheantais, a leithéid de Idina Menzel agus Kristen Bell, d’éirigh le Disney aird a tharraingt ar “Frozen” agus spéis a mhuscailt arís i lucht leanúna na Disneys, go chomhuaineach ag tabhairt dóchas dúinn go mbeadh cúpla amhrán faoi leith a sheasann amach dúinn. Agus ní gan chúis – is annamh amhrán sa scannán seo nach ndealraíonn sean-teachtaireachtaí na Disneys.

Ón gcéad radharc idir na deirfiúreacha ag spraoi lena chéile is iad óg, is léir go bhfuil feith an ghrinn ag baint leis an scannán chomh maith. I stíl traidisiúnta na Disneys, feictear gluaiseacht ama is an scannán fós ag oscailt. Insítear an scéal seo trí ghníomhartha Anna, deirfiúr le hElsa, a bhfuil mallacht uirthi nach féidir léi smachtú, agus tugtar le fios nach féidir le hAnna a bheith ar an eolas faoi. Mar sin, feictear na deirfiúreacha ag dul in aois le teannas eatarthu, toisc nach féidir le hElsa a rún a scaoileadh. Is deacair na mothúcháin a cheilt ag éisteacht lena leithéid de “Do You Wanna Build A Snowman?” agus tuiscint a bheith agat nach bhfuil Elsa ag iarraidh fear sneachta a thógáil, agus nach mbeidh go deo.
De réir mar a théann an scannán ar aghaidh, feictear tionchar na mbanphrionsaí eile ag brú isteach – Aurora, ó “Sleeping Beauty”, agus Rapunzel ó “Tangled” scoite amach óna gclann is cairde mar gheall ar gheasa agus feall. I stíl tipiciúil na mbanprionsaí, bíonn go leor ag braith ar an ngrá agus ar an troid idir mhaitheas agus an t-olc, agus is mar sin a thiteann na heachtraí amach – le roinnt tráchtanna mhealltacha tríd síos ón bfhear sneachta aidhirigh –  Olaf.

Déantar é seo go léir le headarlúidí cheoil a luíonn isteach gan cháim le na heachtraí ag titim amach timpeall orthu. D’fhéadfá a rá go mbuailtear buacphointe an scannáin is Idina Menzel mar Elsa, in airde sna sléibhte ag canadh “Let It Go”- amhrán a scríobh Kristen agus Robert Lopez, agus a fuair ainmniúcháin do na“hOscars” i mbliana.

Is amhlaidh go dtugtar tosaíocht don nádúr sa scannán seo, ó thaobh an mhallacht atá ar Elsa an t-oighear agus fuacht a stiuiriú, agus an teachtaireacht taobh thiar dá héalú – a bheith fíor duit féin agus sásta sa saol a bhfuil agat. Chomh maith le sin, tugtar dóchas nach mhaireann an gheimhreadh go deo – smaoineamh atá ábhairín “clíchéd” sa linne seo, ach a bhfuil suaimhneas eicínt ag baint leis.

Teachtaireachtaí coitianta iad seo i réimse scannáin do pháistí, ach sílim go n-éiríónn le Disney é a thabhairt dúinn ar árdán níos airde le “Frozen”, a leithéid nach bfhaca muid ó aimsir an “Lion King” – is féidir idir óg agus aosta sult a bhaint as. Caithfear soiléiriú a dhéanamh anseo – nílim ag rá go bhfuil sé níos fearr ná an “Lion King”, ní féidir a leithéid sin de dhraíocht a athchruthú; ach, don ghliúin seo, páistí atá ag tabhairt aghaidh do Dhisney don chéad uair,  gach sheans go mbeidh “Frozen” mar rogha scannáin is fearr acu.