“Sean – ‘Nótions'”

Sceolán na mara
Ag léimt ar bhád
Ag glacadh na saoirse
Atá uainn ar fad

Ní suaimhneach nó stuamach,
Cuimhnítear a fhréamh,
An t-aer uilig lachtach,
Le focail nár thréig

Le teanga is tonnta,
Mór-thimpeall is tríd,
An t-aistear is faide,
Dá bfheicfid ariamh,

Céad bliain ar aghaidh
Is cuid eile le teacht
An sceolán a lean
Boladh beatha amach

Thar ‘oceans’, thar sáile,
‘Nós na nglúinte sin romhainn,
Ach ‘notions’ mar chúis leis,
An dúil faoi lánseol.

An dúchas níos dlúithe
Nuair nach mbrúitear é,
An nádúr i dtaisce,
Á chosaint ón gcé

Nach linne an t-uisce?
Nach linne an lae?
Cé eile a scaipfidh
An teanga, an scéal

Ná sceolán ar sheachran
Ar thalamh nár sheas
A leithéid ariamh ar
-ní bheidh sé ar ais.