Ar Thóraíocht Taistil – Ho Chi Minus 1

****LEAGAN BÉARLA FAOI – ENGLISH VERSION BENEATH***

12343067_10153218958253483_411537630_o

An chéad rud a rith liom nuair a chuala mé an preabadh ísle, domhain i bfhad uaim is mé ag tógáil céime amach roimh éirí na gréine in Ho Chi Minh, ná go raibh an ‘oíche amach’ aréir nach raibh diúltaithe agam ach cúpla uair a chloig roimhe sin le mo chairde nua ón mbrú fós ar siúl. Bhí mé leath ag siúl go bhfeicfinn ag teacht ar ais iad leath-dallta timpeall an chúinne, nó ag léimt ó chúl ceann de na tacsaithe-moto nach molfainn d’aon turasóirí lena dtaitníonn a gcuid seilbhe luachmhara leo comh luath is a dúisíonn ceantar na mbackpackers in Saigon le titim na hoíche.

Is mé an leanacht liom ar an tslí aitheanta anois don pháirc láirneach, ag trasnú sráid Le Loi nach raibh ach ábhairín níos ciúine ansin ag 4 ar maidin is a bhíonn i rith an lae, bhí muintir na sráide gafa ag ‘glanadh’ deannaigh ó áit go háit ar an tsráid le scuaib fite, is iad ag réiteach le haghaidh trácht na maidine. Thug mé le fios nach cur isteach drochbheasach ón oíche roimh ré agus ‘Happy Hour’ ag leanacht ar aghaidh go ‘All Hours’, a bhí sa cheol leanúnach a chuala mé ag briseadh ‘suaimhneas’ na cathrach, ach a mhalairt san iomlán a bhí i gceist. Bhí orm athbhreathnú a dhéanamh sular thuig mé i gceart a bhí os mo chomhair – grúpa ollmhór d’mhná meanaoiseach Vítneamis i lár spás oscailte sa pháirc, gleasta in leggings agus tléinte ildáite, agus iad uilig ag gluaiseacht le chéile ar nós airm aisteach polyester, in am don chuisle leanúnach nár shíolraigh ó áit ar bith faoi leith go bfhaca mé – ní raibh sé fiú geal faoin am seo. Faoi dheireadh d’airigh mé go raibh cead agam stanadh a thabhairt ar ais do dhaoine a thugann dom iad comh minic sin anseo, mo chraiceann geal agus gruaig rua mar chúis grinn do go leor daoine áitiúla – tuigim go bhfuil mé aisteach, ach ní bhíonn mise ag déanamh aeróibicí sa pháirc ag a 4 ar maidin!!

12351274_10153217909993483_2020078173_n

Bhí trácht cloiste agam ar an nós seo sa Chambóid, ach ní raibh sé feicthe agam ag tarlu go dtí seo, agus bhí sé deacair an gáire a sheachaint nuair a chonaic mé cúpla bean a bhí tar éis achar a chuir eatarthu fhéin agus an cuid eile sa lár, le casadh agus lubadh leo fhéin ar nós Sims ar an gcosán. Le firinne bhí mé ag iarraidh damhsa leo! Chuir sé an Hokey cokey i gcuimhne dom ón scoil sa Chambóid, ach amháin gur na céadta mná Vítneamis a bhí ann ag bogadh leo féin le púis orthu is iad i mbun cleachtadh coirpe na maidine seo roimh éirí na gréine agus an teas meanlae, seachas grúpa páistí. Is dóigh go dtugann na gluaiseachtaí rialta seo cead dóibh an bia friochta agus oiliúil sin a ithe gan mórán iarmhairtí freisin..
Aisteach.

Is dóigh gur mar gheall nach raibh mé ag súil leis is mé fós leath i mo choladh ag iompar chuile rud gur liom ar domhain faoi láthair a tháinig an oiread sin ionadh orm iad a fheiceáil ann, ach seans mhaith freisin gur mar gheall nach raibh mé tar éis an cathair a shiúl comh luath seo riamh, agus toisc gur ‘early riser’ mé fhéin ar aon chaoi, ghlac mé nár tharla aon rud sular éirigh mise – cé comh mícheart is a bhí mé!

12325749_10153217909823483_1277948387_o

Thaitin Ho Chi Minh i bfhad níos fearr liom an uair seo, ach amháin an dorm le 18 duine eile sa mbrú buiséadach – ach ar $3 in aghaidh na hoíche, cé atá le gearán faoi? Cé nár éirí ro-mhaith liom roimhe sin mo bhealach a dhéanamh ann, an uair seo go tobann bhí mé go breá in ann na sráideanna a loingsiú go héasca le níos mó muiníne agus píosa cleachtadh taobh thiar dom. Thaitin an ‘World Food Festival’ liom a bhí ar siúl sa pháirc don deireadh seachtaine áirithe seo, thug sé neart deiseanna dom níos mó bia aisteach a thriail agus freisin tuilleadh nósanna aisteacha fheiceáil nach bhfuil mé cinnte a bheadh riamh in ann teacht i bhfeidhm anseo!12351388_10153218838373483_843405117_o

 

D’éirigh liom cúpla bronntanas Nollag Víteamise deirineach a fháil ( níl pictiúirí agam, mar….bronntanais!) le seisiúin crua ag stangaireacht in Aonach Ben Thien sa lár, agus d’fhág mé le tuilleadh ábhair ná mar a bhí ceannaithe agam riamh ar bheagáin airgid. Táim ag dul i dtaithí ar seo!

12348755_10153218958898483_772053028_nSílim freisin go bhfuil mé ag dul i dtaithí ar na nósanna bóithre atá acu…tá feabhas tagtha orm ag transú na bóithre gnóthacha leis na sruthanna gluaisrothair agus gluastáin beaga nach stopann le teada – nílim ag iarraidh ‘jinxáil’ a dhéanamh ar seo, ach tá feicthe agam go n-éiríonn níos fearr leat do chuid spáis fhéin a léiriú le beagán muiníne, seachas a bheith ag braith ar chomhghlacaithe nó turasóir eile an bealach a dhéanamh duit. Chuir mé le líne tráchta is mé fós mar lucht siúl – ag seasamh le gluaisrothar ar gach taobh díom, bhí orm fanacht go dtí gur chas na soilse glas chun leanacht ar aghaidh – chuile fhear (nó bean) dóibh fhéin a bhí ann, agus bhí orm léimt ar thaobh chuig an gcosán comh luath is a lean mo réamhthachta ar aghaidh.

Is mé ag scríobh anois táim i mo shuí in aerfort Changi, Singapore, go héasca an t-aerfort is fearr le cúpla uair a chloig (nó 28) a chaitheamh ar domhan. Táim ag súil leis an gcathair a fheiceáil anois i gceann píosa tar éis an cupáin caife Starbucks seo (an chéad ceann le beagnach 2 mhí!!), agus mar sin fágfaidh mé é seo anois go dtí go bhfaighim áit an ceallaire a luchtú!! Vietnamasté!

 

 

***********LEAGAN BÉARLA – ENGLISH VERSION ********* 

12343067_10153218958253483_411537630_o

 

My initial reaction to hearing a distant, low thumping beat as I stepped out into the 5am pre-dawn of Ho Chi Minh’s ever-chattering streets, was that the ‘night out’ with my new dorm-friends I had reluctantly declined merely hours beforehand had still not come to an end. Early-morning flight-jitters aside, I half expected to meet them stumbling in around the corner, or jumping off the back of otherwise ill-advised moto-taxis that prey on tipsy tourists once the nocturnal backpacker district of Saigon awakens with the dusk.

As I continued on the now familiar route to the central park-area and traversed the only slightly less chaotic dimly-lit Le Loi street as its’ occupants swept dust from one place to another with wicker brushes and geared up for another rush hour, it became clear that the music I was hearing was not in fact an intrusive occupation of an otherwise peaceful morning by the extension of a nightclubs’ ‘happy hour’ to All Hours, but frankly quite the opposite. I had to look twice before I could comprehend the abnormally large gathering of middle-aged Vietnamese women in a central clearing of the park, all dressed in leggings and coloured polyester tshirts and moving robotically in sync to a monotonous and crackling throbbing ‘beat’ that was coming from nowhere within my available line of vision – it was barely even beginning to get bright at this stage. I finally felt a sort of justification and permission to return the stares I am so regularly subjected to over here, my pale skin and ginger hair proving a source of great hilarity to many locals – I know I’m weird, but I don’t do aerobics in the park at 4.30am!!!12351274_10153217909993483_2020078173_n

I’d heard of such practices in Cambodia, but had yet to witness it actually occurring, and I found it hard to hide my amusement as I passed several women who had distanced themselves from the main congregation to thrust and wiggle by themselves to the ‘music’ in a Sim-like manner along the sidelines. I’m not going to lie – I kind of wanted to join in! It reminded me of doing the Hokey Cokey with the kids in the school in Cambodia, only this time it was hundreds of anonymous early-morning Saigonese women shaking and gesturing with frowned and scrunched up faces in what I can only assume is a regular exercise regime that both avoids the midday heat of the sun and also helps to burn off excess calories supplied by the inclusion of oil and grease to every single dish and meal.Bizarre.
12325749_10153217909823483_1277948387_o

I think the fact that it appeared out of nowhere as I blearily trudged to the bus station with all my worldly possessions (or at least, everything I currently carry with me) was probably the main source of surprise, yet it may also have been due to the fact that this was the earliest I’ve ever roamed the streets of the city, and being accustomed to my name as an early riser had pretty much just assumed that nothing much happened before the hours I found myself outside. How very wrong I was!

12351388_10153218838373483_843405117_o

Ho Chi Minh this time around was a thoroughly enjoyable experience, despite the rather dodgy 18-person dorm room in the budget hostel – but for 3 dollars a night, who’s going to argue?! Previous navigation having not proven so beneficial, I all of a sudden found on my return that I knew where to go and had the confidence to somehow find the things I needed, and the timely occurrence of a World Food Festival in the central park during the day and evenings was a fantastic find when it came to securing cheap eats and yet more bizarre interactions with customs and trends that I’m really not sure will ever properly reach our side of the world…!

12348755_10153218958898483_772053028_nI managed to secure some final Vietnamese Christmas presents (no pictures, coz , yknow, PRESENTS) in my most intense haggling-session to date in the Ben Thian Market, and proudly left with more plunder for my money than I have ever before! I’m getting used to this!

I also think that since being alone I’ve become more accustomed to and adept at crossing the roads and incessant torrential flow of motorbikes and vehicles that do not stop or cater for pedestrians whatsoever in their narrow span of vision – I don’t want to jinx this, but I’ve found that in literally just asserting your space and striding with a bit of confidence instead of looking to a companion or fellow tourist to pave the way for you, I’ve had more success crossing the roads and have even found myself adding to a line of traffic as a pedestrian – locked in on four sides by motorbikes, I literally had to wait for the lights to go green before I could walk in any direction – it was literally every man (or woman) for themselves, and I quickly had to leap to one side as soon as my predecessors revved forwards.

 

As I write now I’m sitting in Singapore airport – easily the coolest place I’ve ever had to kill a few hours. Hopefully I’ll get to see a bit of the city as my flight onwards doesn’t leave until the early hours of tomorrow, so I’ll write a post on that as soon as I find a free plug socket….! Vietnamasté!!!

Ar Thóraíocht Taistil – Ó Chonamara go Cambodia…go Vítneam

Ar Thóraíocht Taistil – Ó Chonamara go Cambodia…go Vítneam

 f83d5afe-d9cd-4d2d-92c5-940466a44881

Níor cheap mé riamh go n-aireodh an baile uaim comh mór seo. Go háirithe toisc go bhfuil sé ráite agam cheana nach dtarlaíonn sé sin dom. De réir dealraimh, ní tharlaíonn sé sin do daoine is iad ag taistil na cruinne, pictiúirí ar Instagram agus Facebook ag léiriú na híomhanna is fearr, na buacphointí nach mhaireann ach ar luas lasrach le cúpla soicind agus iad glactha. Ní raibh tinneas baile orm ariamh is mé ar saoire nó in aon áit ar bith ar domhan, agus mar sin níor aithin mé an mothúcháin go dtí gur bhuail sé sa chluas mé – é sin ráite, ní raibh mé riamh as baile comh fada seo ach oiread.

Ní bualadh sa chluas a bhí ann go fisiciúil, dar ndóigh.

Is mé ag athrú busanna ó mhionbhus go bus codlata le taistil ó Hue go Hanoi ar chósta thoir Vítneam inné, chas fear liom agus dúirt sé comh giorraisc Gaelach is a thagann siad; ‘you’re not Irish, are you?’
Ar chúis éigin mhuscail rud eicínt i mo chroí an canúint so-aitheanta sin a chloisteáil, glór aithnidiúil agus an ghreann ghearrchúiseach céanna is atá ionam fhéin ag casadh le chéile faoi dheireadh, i dtír nach bhfeiceann ionann ach turasóirí ó Theas tagtha le hairgead a chaitheamh agus pictiúrí a glacadh. Seans mhaith go bhfuil beagan áibhéil i gceist agam leis an abairt sin, ach ag an bpointe seo bhí mé comh sásta casadh le duine muinteartha nár thug mé faoi dheireadh go raibh muid tar éis moill ollmhór a chuir ar an scuaine, agus go raibh an tiománaí ag béiceadh orainn deifir a dhéanamh (ar a laghad, sin a tháinig trasna leis na gothaí móra agus tuin glórach cainte a bhí aige).
Shocraigh muid fhéin inár suíocháin (nó ‘leapacha’, sa chás seo), agus dúirt muid go labhródh muid arís ar ball, ach ní sular bhain mé amach gur Ciarraíoch a bhí ann ar saoire lena chailín ar feadh míosa, agus gur mise an chéad Éireannach a bhí casta acu go dtí seo.
‘Cén chaoi a raibh a fhios agaibh?’
‘Do ghruaig, dar ndóigh.’
‘Ah’.
D’úirt mo mham i gcónaí liom gan dath nó díriúcháin buan a chuir i mo ghruaig, agus anois gabhaim bhuíochas leí agus le chuile rud a d’iarr sí. Comh buíoch lena raibh mé nuair a tháinig mé ar an leabhar sin ó Ross O’Carroll Kelly i mbrú sa Chambóid an mhí seo caite – an cineál greann sin a d’airigh mé uaim agus a bhí orm a mhíniú don chomhluadar Sasanach a bhí timpeall orm ag an am – ‘loike, Ó mo Dhia bhí sé focking thar barr!’

Bhí turas fada romhainn, 12 uair a chloig ar a laghad, agus na buncleapacha míchompordacha ag freastal ar riachtanaisí na ndaoine nach bhfuil cosa comh fada píleata is atá agam. Tháinig mé ar sheasamh sealadach a rinne chúis dom codladh eadrom a fháil ar feadh 20 nóimead ag an am, sular éalaigh an mothúcháin uilig ar thaobh mo láimhe deise, agus bhí orm malartú a dhéanamh chun go ndéanfar cothromaíocht ar an easpa mothúcháin a bhí ag leathnú amach ionam. Ní dúirt éinne riamh go mbeadh busanna codlata galánta!
B’fhéidir gurb iad na hÉireannaigh eile a chuir cumha don bhaile orm, nó seans gur an aimsir a bhí ann – b’iontach an rogha a bhí againn an lá áirithe seo a chaitheamh ag taistil, toisc nár stop an báisteach ón uair a d’éirigh muid ar maidin. Cíbe rud é, thit coladh aisteach orm leathbhealach tríd an turais, agus ar feadh tréimhse ní raibh mé cinnte an fíor-eachtraí nó brionglóidí a bhí ag tarlúint timpeall orm, mo chairde ón bhaile do mo leanúint trí ghoirt ríse glasa ar rothair agus muid uilig ag caitheamh hataí triontánacha déanta le tuí.
Ba dlisteanach na radharcanna a bhí ag imeacht timpeall orm nuair a dhúisigh mé, ach ní raibh tásc nó tuairisc ar mo chomhghleacaí ón mbrionglóid in éineacht liom. Bhí mé liom fhéin arís, na ‘Paddy Fields’ mar a cuirtear orthu ag imeacht timpeall orm do mo chrá lena n-ainm Gaelach agus dath uaine álainn taobh amuigh – sílfeá gur ar Citylink nó GoBus go Gaillimh a bhí mé ag pointe amháin, na scamaill agus páirceanna ag déanamh comhbhrón le mo chuimhní ón tsamhradh i gConamara de réir mar a d’imigh an ghrian ón spéir is dorchadas anabhaí na hÁise ag titim.

Chaill mé uair a chloig nó mar sin ag cuimhneamh siar ar an cúpla seachtain deireanach a bhí caite agam le daoine nár chas mé le riamh roimhe sin, daoine eile ar fánaíocht ón Astráil, ó Shasana, Meiriceá, an Ghearmáin, an Bheilg….lean an liosta ar aghaidh. Bhí cairde iontacha déanta agam, rudaí feicthe agam agus déanta agam nár smaoinigh mé riamh a bhí mar fhéidireachtaí dom; cén fáth mar sin go raibh cumha comh mór sin don bhaile tagtha gan choinne orm? An Ghaeilge i mo chloigeann a bhí curtha ar leathaobh le cúpla seachtain anuas ach amháin le sampla a thabhairt do ghrúpa ón Ísltír nár chreid go raibh a teanga féin ag Éireann ag pléascadh uaim anois gan smacht, is mé ag streachailt teacht ar leabhar nótaí nó laptop le mo chuid smaointe a scríobh síos agus cuid de mo theanga dhúchas a chloisteáil arís go scioptha– fiú má’s i mo chloigeann amháin a bhí sí.

Tugann an cineál seo taistil meas agus grá difriuil agat do do bhaile féin. Domsa, tá os cionn mí go leith caite agam anois amuigh ón bhaile agus cé go bhfuil mé anois i dtaithí ar an tslí beatha seo, an ‘backpacker culture’ mar a deirtear i measc na taistealaí óga eile anseo, tá rudaí ionam agus mar chuid de mo phearsa nach n-athróidh comh héasca sin. I measc cultúir comh éagsúil ó mo cheann fhéin tá sé éasca dearmad a dhéanamh ar na rudaí a cheanglaíonn mo chroí go hÉireann nuair nach bhfuil siad díreach os mo chomhair, na nithe beaga a tharlaíonns ó lá go lá nach féidir cuir síos nó cur amach ceart a dhéanamh orthu do daoine iasachta eile. Tá an ‘Late Late Toy Show’ ar siúl anocht, mar shampla. Déan iarracht an ceann sin a mhiniú don ghrúpa taistealaí óga ón Nua-Shéalainn a roinn mé seomra leo aréir. Go figure.
Nílim ag rá nach bhfuilim buíoch as an deis seo a fháil – cinnte, ‘sé ceann de na rudaí is fearr a tharla dom agus a rinne mé dom fhéin i mo shaol, agus molfainn d’éinne é, ach tagann chuile rud go pointe ina bhfuil ort céim siar a thógáil agus amharc a thógáil ar na rudaí a d’fhág tú i do dhiaidh. Tharla an nóiméad sin dom le linn an turas sin inné, agus sílim go bhfógraíonn sé an cineál rian leathbhealaigh atá buailte agam anois. Tá neart foghlamtha agam, neart feicthe. Ach tá fós bóthar fada le dhul agam go dtí go mbeidh mé ar an bhfód dúchais arís.

Is an bus ag leanacht ar aghaidh tríd na hoíche, is dóigh gur thit codladh orm arís ag pointe nó dhó, in ainneoin na bóithre baolacha agus síorghleo na caranna ag bualadh bonnáin ar a chéile gan chúis agus gan éifeacht seachas paisinéirí traochta agus uaigneach ón Iarthar a choinneál ina suí. Cé go raibh mé ag súil leis na radharcanna a fheiceáil ag an gceannscríbe, is an chéad chéim eile ar an tóraíocht taisce seo a bhaint amach, líon íomhanna ón bhaile agus ón Nollaig ach go háirithe mo chloigeann, agus ghlac mé le suaimhneas go bhfuil sé sin fós ag fanacht orm tar éis dom filleadh abhaile. Don nóiméad seo, a bheartaigh mé, níl ann ach cúpla seachtain fágtha, agus tá sé ar intinn agam an oiread is mó a bhaint astu siúd agus gur féidir liom.