Ar Thóraíocht Taistil – Ó Chonamara go Cambodia…go Vítneam

Ar Thóraíocht Taistil – Ó Chonamara go Cambodia…go Vítneam

 f83d5afe-d9cd-4d2d-92c5-940466a44881

Níor cheap mé riamh go n-aireodh an baile uaim comh mór seo. Go háirithe toisc go bhfuil sé ráite agam cheana nach dtarlaíonn sé sin dom. De réir dealraimh, ní tharlaíonn sé sin do daoine is iad ag taistil na cruinne, pictiúirí ar Instagram agus Facebook ag léiriú na híomhanna is fearr, na buacphointí nach mhaireann ach ar luas lasrach le cúpla soicind agus iad glactha. Ní raibh tinneas baile orm ariamh is mé ar saoire nó in aon áit ar bith ar domhan, agus mar sin níor aithin mé an mothúcháin go dtí gur bhuail sé sa chluas mé – é sin ráite, ní raibh mé riamh as baile comh fada seo ach oiread.

Ní bualadh sa chluas a bhí ann go fisiciúil, dar ndóigh.

Is mé ag athrú busanna ó mhionbhus go bus codlata le taistil ó Hue go Hanoi ar chósta thoir Vítneam inné, chas fear liom agus dúirt sé comh giorraisc Gaelach is a thagann siad; ‘you’re not Irish, are you?’
Ar chúis éigin mhuscail rud eicínt i mo chroí an canúint so-aitheanta sin a chloisteáil, glór aithnidiúil agus an ghreann ghearrchúiseach céanna is atá ionam fhéin ag casadh le chéile faoi dheireadh, i dtír nach bhfeiceann ionann ach turasóirí ó Theas tagtha le hairgead a chaitheamh agus pictiúrí a glacadh. Seans mhaith go bhfuil beagan áibhéil i gceist agam leis an abairt sin, ach ag an bpointe seo bhí mé comh sásta casadh le duine muinteartha nár thug mé faoi dheireadh go raibh muid tar éis moill ollmhór a chuir ar an scuaine, agus go raibh an tiománaí ag béiceadh orainn deifir a dhéanamh (ar a laghad, sin a tháinig trasna leis na gothaí móra agus tuin glórach cainte a bhí aige).
Shocraigh muid fhéin inár suíocháin (nó ‘leapacha’, sa chás seo), agus dúirt muid go labhródh muid arís ar ball, ach ní sular bhain mé amach gur Ciarraíoch a bhí ann ar saoire lena chailín ar feadh míosa, agus gur mise an chéad Éireannach a bhí casta acu go dtí seo.
‘Cén chaoi a raibh a fhios agaibh?’
‘Do ghruaig, dar ndóigh.’
‘Ah’.
D’úirt mo mham i gcónaí liom gan dath nó díriúcháin buan a chuir i mo ghruaig, agus anois gabhaim bhuíochas leí agus le chuile rud a d’iarr sí. Comh buíoch lena raibh mé nuair a tháinig mé ar an leabhar sin ó Ross O’Carroll Kelly i mbrú sa Chambóid an mhí seo caite – an cineál greann sin a d’airigh mé uaim agus a bhí orm a mhíniú don chomhluadar Sasanach a bhí timpeall orm ag an am – ‘loike, Ó mo Dhia bhí sé focking thar barr!’

Bhí turas fada romhainn, 12 uair a chloig ar a laghad, agus na buncleapacha míchompordacha ag freastal ar riachtanaisí na ndaoine nach bhfuil cosa comh fada píleata is atá agam. Tháinig mé ar sheasamh sealadach a rinne chúis dom codladh eadrom a fháil ar feadh 20 nóimead ag an am, sular éalaigh an mothúcháin uilig ar thaobh mo láimhe deise, agus bhí orm malartú a dhéanamh chun go ndéanfar cothromaíocht ar an easpa mothúcháin a bhí ag leathnú amach ionam. Ní dúirt éinne riamh go mbeadh busanna codlata galánta!
B’fhéidir gurb iad na hÉireannaigh eile a chuir cumha don bhaile orm, nó seans gur an aimsir a bhí ann – b’iontach an rogha a bhí againn an lá áirithe seo a chaitheamh ag taistil, toisc nár stop an báisteach ón uair a d’éirigh muid ar maidin. Cíbe rud é, thit coladh aisteach orm leathbhealach tríd an turais, agus ar feadh tréimhse ní raibh mé cinnte an fíor-eachtraí nó brionglóidí a bhí ag tarlúint timpeall orm, mo chairde ón bhaile do mo leanúint trí ghoirt ríse glasa ar rothair agus muid uilig ag caitheamh hataí triontánacha déanta le tuí.
Ba dlisteanach na radharcanna a bhí ag imeacht timpeall orm nuair a dhúisigh mé, ach ní raibh tásc nó tuairisc ar mo chomhghleacaí ón mbrionglóid in éineacht liom. Bhí mé liom fhéin arís, na ‘Paddy Fields’ mar a cuirtear orthu ag imeacht timpeall orm do mo chrá lena n-ainm Gaelach agus dath uaine álainn taobh amuigh – sílfeá gur ar Citylink nó GoBus go Gaillimh a bhí mé ag pointe amháin, na scamaill agus páirceanna ag déanamh comhbhrón le mo chuimhní ón tsamhradh i gConamara de réir mar a d’imigh an ghrian ón spéir is dorchadas anabhaí na hÁise ag titim.

Chaill mé uair a chloig nó mar sin ag cuimhneamh siar ar an cúpla seachtain deireanach a bhí caite agam le daoine nár chas mé le riamh roimhe sin, daoine eile ar fánaíocht ón Astráil, ó Shasana, Meiriceá, an Ghearmáin, an Bheilg….lean an liosta ar aghaidh. Bhí cairde iontacha déanta agam, rudaí feicthe agam agus déanta agam nár smaoinigh mé riamh a bhí mar fhéidireachtaí dom; cén fáth mar sin go raibh cumha comh mór sin don bhaile tagtha gan choinne orm? An Ghaeilge i mo chloigeann a bhí curtha ar leathaobh le cúpla seachtain anuas ach amháin le sampla a thabhairt do ghrúpa ón Ísltír nár chreid go raibh a teanga féin ag Éireann ag pléascadh uaim anois gan smacht, is mé ag streachailt teacht ar leabhar nótaí nó laptop le mo chuid smaointe a scríobh síos agus cuid de mo theanga dhúchas a chloisteáil arís go scioptha– fiú má’s i mo chloigeann amháin a bhí sí.

Tugann an cineál seo taistil meas agus grá difriuil agat do do bhaile féin. Domsa, tá os cionn mí go leith caite agam anois amuigh ón bhaile agus cé go bhfuil mé anois i dtaithí ar an tslí beatha seo, an ‘backpacker culture’ mar a deirtear i measc na taistealaí óga eile anseo, tá rudaí ionam agus mar chuid de mo phearsa nach n-athróidh comh héasca sin. I measc cultúir comh éagsúil ó mo cheann fhéin tá sé éasca dearmad a dhéanamh ar na rudaí a cheanglaíonn mo chroí go hÉireann nuair nach bhfuil siad díreach os mo chomhair, na nithe beaga a tharlaíonns ó lá go lá nach féidir cuir síos nó cur amach ceart a dhéanamh orthu do daoine iasachta eile. Tá an ‘Late Late Toy Show’ ar siúl anocht, mar shampla. Déan iarracht an ceann sin a mhiniú don ghrúpa taistealaí óga ón Nua-Shéalainn a roinn mé seomra leo aréir. Go figure.
Nílim ag rá nach bhfuilim buíoch as an deis seo a fháil – cinnte, ‘sé ceann de na rudaí is fearr a tharla dom agus a rinne mé dom fhéin i mo shaol, agus molfainn d’éinne é, ach tagann chuile rud go pointe ina bhfuil ort céim siar a thógáil agus amharc a thógáil ar na rudaí a d’fhág tú i do dhiaidh. Tharla an nóiméad sin dom le linn an turas sin inné, agus sílim go bhfógraíonn sé an cineál rian leathbhealaigh atá buailte agam anois. Tá neart foghlamtha agam, neart feicthe. Ach tá fós bóthar fada le dhul agam go dtí go mbeidh mé ar an bhfód dúchais arís.

Is an bus ag leanacht ar aghaidh tríd na hoíche, is dóigh gur thit codladh orm arís ag pointe nó dhó, in ainneoin na bóithre baolacha agus síorghleo na caranna ag bualadh bonnáin ar a chéile gan chúis agus gan éifeacht seachas paisinéirí traochta agus uaigneach ón Iarthar a choinneál ina suí. Cé go raibh mé ag súil leis na radharcanna a fheiceáil ag an gceannscríbe, is an chéad chéim eile ar an tóraíocht taisce seo a bhaint amach, líon íomhanna ón bhaile agus ón Nollaig ach go háirithe mo chloigeann, agus ghlac mé le suaimhneas go bhfuil sé sin fós ag fanacht orm tar éis dom filleadh abhaile. Don nóiméad seo, a bheartaigh mé, níl ann ach cúpla seachtain fágtha, agus tá sé ar intinn agam an oiread is mó a bhaint astu siúd agus gur féidir liom.

I Didn’t Get A Picture of the Sea Today…

I didn’t get a picture of the sea today,
The late Autumn afternoon sun
Glistening on the ridges of the jetstream

 Reluctant to commit any more lines to memory,
Just in case they’d escape me at the source of a pen.

 I didn’t get a picture of the sea today,
You’ll just have to take my word,
That the child who’s footprints I followed

Around the rocks as they chased a small dog
Saw the sun higher in the sky than I ever remember it.

 I didn’t get a picture of the sea today,
The tenants of thoughts in my head
Refusing to set a timer on the tide of nature’s madness

Finding balance in knowing herself,
Listening to her own ebb and flow and accepting depletion.

 I didn’t get a picture of the sea today,
My strength now contesting that of it’s depth,
A lesson in the way things are and haven’t always been

Meeting the lack of sense with a stubborn persistence
That takes sailors and travellers alike from A to Z.

 I didn’t take a picture of the sea today,
For I have taken enough in my time,
Used and abused the kindest of hands and offers of affection

 My duty now being to give and provide;
Return what’s been lost and salvage what never was let be.

I Want To Write

tumblr_mznh6d7s4u1ri85fso1_500

I want to write, but ideally I don’t want to present you with repeated and recycled bullshit that I’ve seen online, and endless lists of things people don’t really care about purely to get ‘views’.
I want to write, but not be the kind of writer that is rude and/or judgemental of people who really don’t deserve it, again, purely to get attention or views online and in print.
I want to write, and not have to care about how well a piece of work is received or spread, because spending the entire creative process of writing it worrying how people are going to percieve and view it defeats the entire purpose of expressing my thoughts in the first place. The second I let a thought concerning other people’s opinions of my work enter my head, it no longer belongs to me. It has been tainted.
I want to write because I feel it is my way of communicating with the world, of putting some sort of solidity on the blinks and glances of thoughts that flit through my brain on a daily basis as I move from place to place, and possibly to make some sense of the more ambiguous ones; to really break them down in order to be able to put them all together again.

I want to write because I want to understand. I want to learn from what I see around me, I want to be able to structure some solid opinions and views on the world that are just not possible for me to clarify without writing them down.
I want to write to be able to support myself and feel a sense of fulfillment; to ensure I am able to travel around and see all there is to see, learn what there is to learn, and write about it while I go.
I want to write because I want to travel, and I feel that pictures can only capture the brink of what it really is to experience a new culture; a new country; a new climate or timezone.
I want to write because writing for me feels as natural as breathing, and having nothing and nowhere to write about is as suffocating as sitting at an office desk where the windows don’t open and the heating is stuck on high in the middle of Summer.

I want to be a writer, and I’m not going to pretend I haven’t bought into the current trends of trying to write ‘hilarious’ reviews with catchy or crude headlines, or pieces that will go viral online and receive a high readership – because I have. I’ve tried to write things people will find entertaining, interesting, insightful even. And sometimes I’ve succeeded. But where my heart truly lies, and it’s taken me a while to figure this out – is in movement, travel, and observing the world around me as I go. Staying still prevents the flow of words that comes like a torrent of ideas, emotions, and possibilities whenever I step foot into the world outside my door, whether it’s on board a plane, boat, train, bus; anything.
I want to write, and I will always continue to write and recount life experiences I have around the world, regardless if I ever eventually make it to Bali, Tokyo, or the Amazon. Anywhere will do. I just need to be moving. I need to be in motion for the channels of inspiration and structure to work together and allow me to produce something that makes sense.
I want to write, but I also want to travel, and the World is my destination.